An difríocht idir athruithe ar: "An Bhreatain Bheag"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
AdamLibh (plé | dréachtaí)
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Líne 55:
Ghabh na Rómhánaigh smacht ar dheisceart na Breataine Bige chomh fada le [[Caerfyrddin]] (Maridunum). Tá fianaise ann go ndeachaigh siad ní b'fhaide chomh maith agus gur bhain siad [[Éire]] amach. Bhí siad gníomhach i dtuaisceart na tíre freisin. De réir finscéil Bhreatnaigh, phós Macsen Wledig nó Magnus Maximus, fear d'impirí deireanacha na Róimhe, Helen, iníon thaoisigh Bhreatnaigh Segontium ([[Caernarfon]] inniu).
 
Níor éirigh leis na hAnglo-Sacsanaigh an Bhreatain Bheag a chur faoi smacht, cé gur bhris siad an ceangal talún a bhí idir an Bhreatain Bheag agus an tír ó thuaidh a bhí faoi smacht na mBriotanach go fóill i ndiaidh cath [[Chester]] (''Caer'' as Breatnais) i 615 CE. Is de bharr nirt mhíleata an rí Bhreatnaigh a bhí sé sin, ach freisin de bharr cruth na tíre. Thóg Offa, rí Mhercia (ríocht a bhí suite i lár [[Sasana|Shasana]] an lae inniu), pórt rátha mór as talamh fad an chríche idir an ríocht ab aigesean agus an mBreatain Bheag. Tá codanna de Phort Rátha Offa le feiceáil inniu fiú.
 
Níor stad an Bhreatain Bheag a bheith ina thír Chríostaí i ndiaidh do na treibheanna Sacsanach greim a fháil ar Shasana. Chuaigh [[Naomh Dáibhí]] ar oilithreacht chun na Róimhe sa séú haois, agus bhí sé ina easpag sa Bhreatain Bheag le fada sular tháinig Austin chun rí Kent a thiontú go [[An Chríostaíocht|Críostachais]] agus ceantar easpag [[Canterbury]] (''Caergaint'' as Breatnais) a chur ar bun. Ach ní dhearna na Breatnaigh iarracht mhór Sasana thiontú go Críostachas, b'fhéidir de bharr an naimhdis idir an dá thír. Bhí ríthe Breatnach mar [[Rhodri Mawr]] agus [[Llywelyn ap Gruffudd|Llywelyn ap Gruffydd]] láidir agus cliste go leor neamhspleáchais na tíre a chosaint.