An difríocht idir athruithe ar: "An Bhreatain Bheag"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
AdamLibh (plé | dréachtaí)
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Líne 59:
Níor stad an Bhreatain Bheag a bheith ina thír Chríostaí i ndiaidh do na treibheanna Sacsanach greim a fháil ar Shasana. Chuaigh [[Naomh Dáibhí]] ar oilithreacht chun na Róimhe sa séú haois, agus bhí sé ina easpag sa Bhreatain Bheag le fada sular tháinig Austin chun rí Kent a thiontú go [[An Chríostaíocht|Críostachais]] agus ceantar easpag [[Canterbury]] (''Caergaint'' as Breatnais) a chur ar bun. Ach ní dhearna na Breatnaigh iarracht mhór Sasana thiontú go Críostachas, b'fhéidir de bharr an naimhdis idir an dá thír. Bhí ríthe Breatnach mar [[Rhodri Mawr]] agus [[Llywelyn ap Gruffudd|Llywelyn ap Gruffydd]] láidir agus cliste go leor neamhspleáchais na tíre a chosaint.
[[Íomhá:Llywelyn le Dernier.jpg|mion|223x223px|Llywelyn ap Gruffudd, 1267]]
Ag deireadh na 1060í, tháinig na [[Normannaigh]] chun na Breataine Bige agus d'athraigh polaitíocht na tíre. Chuir siad daingneachán teorann ar bun idir an Bhreatain Bheag agus Sasana. Beagán ar bheagán ghabh siad greim ar an Bhreatain Bheag ar fad, beagnach, ach d'éirigh le Gruffydd ap Cynan agus Owain Gwynedd é sin a sheachaint. D'éirigh le [[Llywelyn Fawr]] (Llywelyn Mór) an Bhreatain Bheag a aontú. Gairmeadh an garleanbh a bhí aige, [[Llywelyn ap Gruffudd|Llywelyn ap Gruffydd]], mar Phrionsa na Breataine Bige ach lean ríthe Shasana orthu ionsaíionsaithe a thabhairt ar an Bhreatain Bheag i rith an ama sin.
 
Maraíodh Llywelyn ap Gruffydd, prionsa neamhspleách deireanach na Breataine Bige, i gcath Cilmeri sa bhliain 1282 agus ghabh rí Eideard I Shasana greim ar an tír. Thóg Eideard sraith chaisleáin móra chun na Breatnaigh a choinneáil faoi smacht. Is iad Rhuddlan, Conwy, Caernarfon, Biwmares agus Harlech an dream is cáiliúla díobh.