An difríocht idir athruithe ar: "Gioca"

Content deleted Content added
No edit summary
Íomhá
Líne 1:
[[Íomhá:Yucca filamentosa.jpg|mion|Gioca den speiceas ''Yucca filamentosa'']]
Is [[Planda]] [[Planda síorghlas|síorghlas]] [[Ilbhliantóg|ilbhliantúil]] é an '''gioca'''. [[Duilleog]]a dochta gan ghais a fhásann i [[Meiriceá Thuaidh]] is Láir agus sna hIndiacha Thiar. Tá 40–50 speiceas de ann, iad go léir san fhofhine ar a dtugtar Agavoideae in fhine na nAsparagaceae. Rud beag cosúil le crann pailme. Stoc gairid ramhar, duilleoga claíomhchruthacha, [[Bláth (planda)|bláthanna]] clogchruthacha cumhra bána nó corcra. [[Siombóis]] leis an ngioca-[[leamhan]] a phailníonn é, a bheireann a huibheacha ar an [[stiogma]], agus a bhfaigheann a [[Larbha|larbhaí]] a shíolta mar bhia. Is giocaí iad crann Iósua, an [[Beaignit|bheaignit]] Spáinneach, agus an mhiodóg Spáinneach.