An difríocht idir athruithe ar: "An Bhreatain Bheag"
Content deleted Content added
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit |
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit |
||
Líne 67:
Ar feadh cuid mhór den [[15ú haois|15ú linn]] tarraingíodh an Bhreatain Bheag isteach i g[[Cogadh na Rósanna]], idir Teaghlach [[Lancaster, Lancashire|Lancaster]] (''Caerhirfryn'' as Breatnais) agus Teaghlach [[Eabhrac]] (''Efrog'' nó ''Caerefrog'' as Breatnais) le haghaidh choróin Shasana. Ach in ainneoin chomh híogair is a bhí an tír, bhí ráchairt mhór ar [[Filíocht|fhilíocht]] Bhreatnach, agus uaisle na tíre ag cur tacaíocht leis na filí. Ceann díobh seo ab ea [[Anraí VII Shasana|Anraí Tudor]], mac Owain Tudur de shliocht Ednyfed Fychain, a bhí ina oifigeach de chuid [[Llywelyn ap Gruffudd|Llywelyn ap Gruffydd]]. Tháinig sé go tír i [[Penfro|gContae Pheambróg]] in éineacht le harm [[An Fhrainc|Fhrancach]]. Chuir roinnt Bhreatnach tacaíocht leis agus fuair sé an bua ar Risteard III Shasana ar an [[22 Lúnasa]] [[1485]] ag Cath Bosworth.
Faoi Anraí Tudor, anois
[[Íomhá:Senedd, Welsh parliament, Cardiff Bay.jpg|mion|Tionól na Breataine Bige, a cuireadh ar bun i 1999]]
Chonaic an 18ú haois tosaithe dhá athrú a mbeadh tionchar mór acu ar an mBreatain Bheag: athbheochan [[Modhachas|Modhachais]] na Breataine Bige, a rinne gur éirigh an tír níos neamhaontaí go seasta i gcúrsaí creidimh; agus an [[Réabhlóid Thionsclaíoch]]. I rith éirí [[Impireacht na Breataine]], chonaic soir-dheisceart na Breataine Bige go háirithe tionsclú gasta agus ardú mór daonra mar thoradh ar an mborradh a tháinig ar na tionscadail guail agus iarainn. Sa 20ú haois, tháinig meath ar thionscadail na Breataine Bige, fad is a tháinig borradh ar an meon náisiúnach agus ar spéis i bhféinchinntiúchán na tíre. Fuair [[Páirtí an Lucht Oibre (an Ríocht Aontaithe)|Páirtí an Lucht Oibre]] an lámh in uachtar ar an bPáirtí Liobrálach mar phríomhfhórsa polaitíochta na tíre sna 1920idí. D'imir an Bhreatain Bheag ról tábhachtach i [[An Chéad Chogadh Domhanda|gCogadh Domhanda I]] agus i [[An Dara Cogadh Domhanda|gCogadh Domhanda II]] araon, agus buamáladh a cuid cathracha go mór i rith an dara ceann díobh sin. Fuair an páirtí náisiúnach [[Plaid Cymru]] móiminteam sna 1960idí, agus i reifreann sa bhliain 1997, vótáil an Bhreatain Bheag ar son tionóil [[dílárú|díláraithe]] don tír, a chruinnigh don chéad uair sa bhliain 1999.
==Teangacha==
|