An difríocht idir athruithe ar: "An Bhreatain Bheag"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
m Cuireadh beis eolas leis maidir le hainm theanga na tíre
Líne 44:
}}
 
Tír atá suite ar iarthar oileáin [[an Bhreatain|na Breataine]] í '''an Bhreatain Bheag'''. Tá dhá phríomhtheanga ann: [[Anan Béarla|Béarla]] agus [[an Bhreatnais|Breatnais]] (ar a dtugtar freisin an Chomraig<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Cadwaladr, Dilys; Jones, T. Hughes; Morgan, Huana; Powell, J. D.; Williams, J. J.; Williams, J. O.|date=1948|url=|title=Sgéalta ó'n gComraig|journal=|volume=|issue=|Aistritheoir=Seán de Búrca, M.A.|publisher=Oifig an tSoláthair|language=Gaeilge|pages=55}}</ref>); agus sa Bhreatnais tugann muintir na tíre ''Cymru'' (fuaimnítear mar "comraí", leis an mbéim ar an gcéad siolla) ar a dtír agus ''Cymraeg'' (fuaimnítear mar "comráidhg", leis an mbéim ar an dara shiolla) ar a dteanga. ''Wales'' agus ''Welsh'' a deirtear i mBéarla. Tá Breatnais ag 20% den daonra, agus úsáideann suas le 10% an teanga ar bhonn rialta.
 
Tá 3,125,000 duine ina gcónaí sa tír, dar le meastachán de chuid rialtais na Breataine Bige ó Mhí Iúil 2017.<ref>{{Lua idirlín|url=https://gov.wales/statistics-and-research|teideal=Statistics and research|language=en|work=GOV.WALES|dátarochtana=2019-08-27}}</ref> Is é [[Caerdydd]] (''Cardiff'' as Béarla) príomhchathair na tíre. I ndeisceart na tíre atá formhór an daonra, mar go ndeachaigh sé ar aghaidh leis an [[Réabhlóid Thionsclaíoch]], mar gheall ar an ngual agus iarainn a fuarthas ann, agus mar gheall ar na calafoirt bhreátha atá sna bailte móra. Tá na trí chathair is mó, [[Caerdydd]], [[Abertawe]] (Swansea) agus [[Casnewydd]] (Newport), suite i ndeisceart na tíre.