An difríocht idir athruithe ar: "Tuaisceart Éireann"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Líne 59:
=== Contae an Dúin ===
[[Íomhá:Strangford Lough (221972712).jpg|mion|Radharc ar [[Loch Cuan]], i [[Contae an Dúin|gContae an Dúin]]]]
 
 
I [[Contae an Dúin|gContae an Dúin]] aimsítear [[Loch Cuan]]. Tá an loch faoi chúig [[Ciliméadar|chiliméadar]] déag, a bheag nó a mhór, de [[Béal Feirste|Bhéal Feirste]], agus é ag sroicheadh ó [[Baile Nua na hArda|Bhaile Nua na hArda]] ar feadh 30 ciliméadar go dtí [[Muir Éireann]]. Meastar go bhfuil ocht n-oileán is trí scór ar fad sa loch. Droimníní báite atá iontu. Is féidir leat [[Túr Scrabo]], atá ar chnoc ag barr an locha, a fheiceáil.
Line 88 ⟶ 89:
== An pholaitíocht agus na Trioblóidí ==
 
Tá polaitíocht Thuaisceart Éireann bunaithe ar an teorainn eitni-reiligiúnda idir na [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Caitlicigh]], a dhearcann orthu féin mar [[Éire|Éireannaigh]] is mar Ghaeil agus mar dhaonra bundúchasach, agus na [[An Protastúnachas|Protastúnaigh]], a dhearcann orthu féin mar shaoránaigh de chuid na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] agus mar chosantóirí a dúchais. Tá sé de chlaonadh sna Caitlicigh a rá nó a shíleadh gur coilínithe agus grabálaithe talún iad na Protastúnaigh nár tháinig isteach ach de thoradh na [[Plandáil Uladh|plandála]]. Is náisiúnaithe (baintear úsáid as an leagan "náisiúntóirí" freisin sa Ghaeilge, nuair a bhítear ag trácht ar náisiúnaithe Caitliceacha an Tuaiscirt) iad an chuid is mó de na Caitlicigh, agus teastaíonn uathu an dá stát in Oileán na hÉireann a aontú in aon stát amháin. Ón taobh eile de, is dual do na Protastúnaigh a gcomhionannú a dhéanamh leis an [[An Bhreatain|mBreatain Mhór]] agus maíomh as a ndílseacht don [[Eilís II na Ríochta Aontaithe|Choróin]] agus don Rí nó don Bhanríon. Dearcann siad ar an nasc idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann mar urrús riachtanach dá gcearta reiligiúnaigh agus sibhialta, agus bíonn siad iontach mímhuiníneach as [[Poblacht na hÉireann]], nó tá siad den tuairim go bhfuil an iomarca cumhachta ag an [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Eaglais Chaitliceach]] sa Phoblacht, rud a d'fhágfadh nach mbeadh stádas an tsaoránaigh chothroim ar fáil dóibh dá n-aontófaí Éire.
 
Is follasach go bhfuil an dá sheasamh seo doréitithe le chéile, agus mar sin, d'fhág an foréigean seicteach a shliocht ar Thuaisceart Éireann ó tháinig an stáitín ar an bhfód. Bhí na hAontachtóirí den tuairim, ar dtús, gur fealltóirí agus lucht tréasa ab ea na Caitlicigh go léir, ó theastaigh uathu an nasc leis an mBreatain Mhór a bhriseadh agus dul le Poblacht na hÉireann. Mar sin, choinnigh siad an rialtas fúthu féin, agus iad ag dul i muinín cleasa mí-ionraice go minic, ar nós claonroinnt na dtoghlach, lena chinntiú nach bhféadfadh na Caitlicigh teacht in aon chóngar don tromlach sna toghcháin dhaonlathacha. Chuir an chuid ba ghangaidí de na Caitlicigh cor in aghaidh an chaim trí thacaíocht a thabhairt d'fheachtas armtha an [[Óglaigh na hÉireann|IRA]] leis an stáitín a scaradh ón Ríocht Aontaithe.
 
=== Na Trioblóidí ===
Line 101 ⟶ 102:
Go bunúsach, bhí cuid mhór de na hAontachtóirí barúlach go raibh an Niallach ag iarraidh iad a dhíol ar shladmhargadh leis an lucht tréasa a bhí ag rialú i m[[Baile Átha Cliath]], agus na Caitlicigh míshásta leis nach raibh na leasuithe cuimsitheacha polaitiúla ag teacht sách luath.
 
Mar sin, phléasc an foréigean seicteach amach arís ó thús na [[1970idí|seachtóidí]] i leith. Cuid de ghnáthshaol an stáitín ab ea na gníomhartha sceimhlitheoireachta go dtí gur cuireadh an chéad sos cogaidh fada i bhfeidhm sna nóchaidí, agus inniu féin, spreagann an faltanas seicteach daoine chun loitiméireachta, [[Coirloscadh|coirlosctha]], dúnmharaithe, agus bruíonachais. Tá formhór na n-iar-sceimhlitheoirí, an [[IRA Sealadach|tIRA Sealadach]] thar aon dream eile, éirithe as a leithéid, agus iad ag iarraidh leas a bpobail a dhéanamh ar bhealach éigin eile, ar nós obair fhóirithinte, Gaeilgeoireacht nó polaitíocht dhaonlathach.
 
== An Ghaeilge i dTuaisceart Éireann ==