An difríocht idir athruithe ar: "An Bhreatain Bheag"

Content deleted Content added
m Cuireadh beis eolas leis maidir le hainm theanga na tíre
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Líne 64:
 
Tharla roinnt éirithe amach in aghaidh rialtas na Sasanach ó dheireadh na 13ú go deireadh na 15ú haoise, le Madog ap Llywelyn (1294-96) agus Llywelyn Bren (1316) mar shampla, agus bhí dúil go bhfillfeadh [[Owain Lawgoch]] sna blianta 1370 leis an tír a shaoradh. Rinne Owain Glyndwr éirí amach i 1400 agus gairmeadh é mar Phrionsa na Breataine Bige, ach tháinig an t-éirí amach seo chun críche beagán ar bheagán, fad is a bhunaigh rí Shasana údarás sa tír arís.
[[Íomhá:Henry Tudor and Rhys ap Thomas' march through Wales translated from Welsh.svg|clé|mion|212x212px|alt=|Léarscáil den taisteal a rinne [[Anraí VII Shasana|Anraí Túdar]], agus Rhys ap Thomas, tríd an mBreatain Bheag]]
Ar feadh cuid mhór den [[15ú haois|15ú linn]] tarraingíodh an Bhreatain Bheag isteach i g[[Cogadh na Rósanna]], idir Teaghlach [[Lancaster, Lancashire|Lancaster]] (''Caerhirfryn'' as Breatnais) agus Teaghlach [[Eabhrac]] (''Efrog'' nó ''Caerefrog'' as Breatnais) le haghaidh choróin Shasana. Ach in ainneoin chomh híogair is a bhí an tír, bhí ráchairt mhór ar [[Filíocht|fhilíocht]] Bhreatnach, agus uaisle na tíre ag cur tacaíocht leis na filí. Ceann díobh seo ab ea [[Anraí VII Shasana|Anraí Tudor]], mac Owain Tudur de shliocht Ednyfed Fychain, a bhí ina oifigeach de chuid [[Llywelyn ap Gruffudd|Llywelyn ap Gruffydd]]. Tháinig sé go tír i [[Penfro|gContae Pheambróg]] in éineacht le harm [[An Fhrainc|Fhrancach]]. Chuir roinnt Bhreatnach tacaíocht leis agus fuair sé an bua ar Risteard III Shasana ar an [[22 Lúnasa]] [[1485]] ag Cath Bosworth.