An difríocht idir athruithe ar: "Cúige Uladh"

6,241 bytes added ,  1 bhliain ó shin
Contaetha sa rann 'Tíreolas'
(Brataigh agus athrú ar 'Éire' go 'Poblacht na hÉireann' sa tábla)
(Contaetha sa rann 'Tíreolas')
==Tíreolaíocht==
Tá an loch is mó in Éirinn nó sa [[Breatain|Bhreatain]], [[Loch nEathach]], in oirthear Uladh. Éiríonn an abhainn is mó in Éirinn, an t[[Sionainn]], i gContae Chabháin. Tá an lárphointe geografach an chúige gar do [[Cabhán an Chaorthainn|Chabhán an Chaorthainn]], i dTír Eoghain. Is é [[Béal Feirste]] an chathair is mó.
 
=== Contae Thír Eoghain ===
[[Íomhá:Butterlope_Glen_-_geograph.org.uk_-_200691.jpg|mion|Gleann Butterlope, sna [[Na Speiríní|Speiríní]]]]
Is contae sléibhtiúil í [[Tír Eoghain]] den chuid is mó, cé go bhfuil ceantair machairí sa chontae fosta, go háirithe ar bhruach [[Loch nEathach]], i gceantar na hAbhann Móire i ndeisceart an chontae, agus san iarthuaisceart, ar [[an Fheabhail]]. Tá [[na Speiríní]] suite i dtuaisceart an chontae, ar an teorainn le [[contae Dhoire]]. Is iad an tríú sliabhraon is airde i [[Cúige Uladh|gCúige Uladh]], i ndiaidh na [[Beanna Boirche]] agus Sléibhte Dhoire Bheatha, agus tá an sliabh is airde i dTír Eoghain, an Mullach Clochach (634m), suite ansin. Is é Loch nEathach, an loch is mó sna hOileáin Bhriotanacha (388 km²/150 mílte cearnacha) an phríomhghné in oirthear an chontae, agus comhdhéanann sé teorainn thoir an chontae. Is í an Fheabhail agus a craobh-aibhneacha, an Mhorn, Abhainn na Deirge, Abhainn Coille, agus an tSruthail, an phríomhabhann in iarthar an chontae. Is í [[an Abhainn Mhór]] an phríomhabhainn sa deisceart, agus comhdhéanann sé an teorainn le [[Contae Mhuineacháin|Muineachán]] agus [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] sula sruthaíonn sí isteach i Loch nEathach.
 
=== Contae Ard Mhacha ===
[[Íomhá:Apple_Orchard,_Red_Lion_Road,_Loughgall._-_geograph.org.uk_-_552266.jpg|mion|Úllord i [[Loch gCál]], i [[Contae Ard Mhacha|gContae Ard Mhacha]]]]
Tá cáil ar [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] mar 'úllord na hÉireann', agus fástar a lán torthaí ann i gcónaí. Ba iad na plandóirí a chuir fúthu sa 17ú haois a chuir na húlloird ar dtús. Imrítear leagan de chluiche babhlaí in Ard Mhacha nach bhfaightear aon áit eile ach i [[Contae Chorcaí|gCorcaigh]]. Tá traidisiún láidir [[Peil Ghaelach|peile Ghaelaí]] sa cheantar agus bhuaigh foireann Ard Mhacha [[Craobhchomórtas Sinsear na hÉireann sa Pheil|Craobh na hÉireann]] i 2002.
 
Tá Ard Mhacha theas, is é sin an ceantar tuaithe in aice na teorann le [[Contae Lú]] sa [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht]], sách náisiúnach. [[Caitliceachas]] an príomh-reiligiún. Fuair a lán saighdiúrí Briotanacha bás ann i rith na [[Na Trioblóidí|dTrioblóidí]].
 
=== Contae an Dúin ===
[[Íomhá:Strangford_Lough_(221972712).jpg|mion|Radharc ar [[Loch Cuan]], i [[Contae an Dúin|gContae an Dúin]]]]
I [[Contae an Dúin|gContae an Dúin]] aimsítear [[Loch Cuan]]. Tá an loch faoi chúig [[Ciliméadar|chiliméadar]] déag, a bheag nó a mhór, de [[Béal Feirste|Bhéal Feirste]], agus é ag sroicheadh ó [[Baile Nua na hArda|Bhaile Nua na hArda]] ar feadh 30 ciliméadar go dtí [[Muir Éireann]]. Meastar go bhfuil ocht n-oileán is trí scór ar fad sa loch. Droimníní báite atá iontu. Is féidir leat [[Túr Scrabo]], atá ar chnoc ag barr an locha, a fheiceáil.
[[Íomhá:Sun,_snow_and_Slieve_Donard_-_geograph.org.uk_-_1148118.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/Íomhá:Sun,_snow_and_Slieve_Donard_-_geograph.org.uk_-_1148118.jpg|mion|Is é [[Sliabh Dónairt]], i g[[Contae an Dúin]], 850m (2,790 tr) in airde, an cnoc is airde in Ultaibh]]
Tá imeall an locha faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta, chomh maith le ceithre oileán déag sa loch. Is féidir le gach duine cuairt a thabhairt ar na hoileáin seo.
 
Eagraíonn maoir de chuid an Iontaobhais cuid mhór siúlóidí agus turais thart faoi [[Loch Cuan]] ón earrach go dtí an fómhar, agus eolas faoi shaol nádúrtha an locha á thabhairt do na cuairteoirí le linn na dturas.
 
=== Contae Aontroma ===
''Príomhalt: [[Contae Aontroma]]''
[[Íomhá:Glendun_-_geograph.org.uk_-_465779.jpg|mion|[[Gleann Doinne]], ceann de [[Gleannta Aontroma|naoi ngleann Aontroma]]]]
Meallann [[Glinntí Aondroma|Glinntí Aontroma]] na mílte turasóir chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir UNESCO é [[Clochán an Aifir]] (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar Mhuileann na Buaise as an uisce bheatha atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear [[Port Rois]] mar an lonnaíocht mhara is cáiliúla i dTuaisceart Éireann ó thaobh líonn na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de [[Béal Feirste|Bhéal Feirste]], an chathair is mó i dTuaisceart Éireann, lonnaithe sa chontae, agus an chuid eile di i [[Contae an Dúin|gContae an Dúin]]. De réir an tseanchais is ar [[Sliabh Mis|Shliabh Mis]] i dtuaisceart an chondae a chaith [[Pádraig Naofa]] bunús a shaoil óig.
 
=== '''Contae Dhún na nGall''' ===
Tá Contae Dhún na nGall ar an contae is sléibtí in Ultaibh, agus é foirmithe den chuid is mó de thrí shliabhraon beag: sléibhte [[Inis Eoghain]] san oir-thuaisceart, sléibhte Dhoire Bheatha san iar-thuaisceart, agus [[na Cruacha Gorma]] san iar-dheisceart. Is í [[an Earagail]], i sléibhte Dhoire Bheatha, ná binn is áirde an chontae, agus 749m aici. Tá cósta an-bhearnach ag an chontae chomh maith, ina bhfuil go leor lochanna mara, arb iad [[Loch Feabhail]] agus [[Loch Súilí]] na cinn is tábhachtaí díobh. Tá aillte [[Sliabh Liag|Shliabh Liag]] ar na séú cinn is áirde san Eoraip, agus is é [[Cionn Mhálanna]] an pointe is faide ó thuaidh ar [[Éire|mhórthír Éireann]].
 
Tá dhá oileán a bhfuil buandaonra acu: Oileán [[Árainn Mhór|Árann Mór]] agus Oileán [[Toraigh|Thóraigh]], chomh maith le líon mór oileáin nach bhfuil ach lucht cónaithe neamhbhuan acu. Ritheann an dara n-abhainn is faide na hÉireann, an [[Abhainn na hÉirne|Éirne]], isteach i [[Bá Dhún na nGall|mBá Dhún na nGall]] i ngar le [[Béal Átha Seanaidh]], agus [[Damba|dambaí]] uirthi a ghineann leictreachas. Ritheann abhainn na Feabhaile freisin le taobh na cuid thuaidh de theorainn talún an chontae, dá scaradh de [[Contae Dhoire|Chontae Dhoire]] agus [[Contae Thír Eoghain]].
 
=== Contae Fhear Manach ===
''Príomhalt: [[Contae Fhear Manach]]''
 
=== Contae an Chabháin ===
Príomhalt: ''[[Contae an Chabháin]]''
 
=== Contae Mhuineacháin ===
Príomhalt: [[Contae Mhuineacháin|''Contae Mhuineacháin'']]
 
=== Contae Dhoire ===
''Príomhalt: [[Contae Dhoire]]''
 
== Gaeilge i gCúige Uladh ==
2,941

edits