An difríocht idir athruithe ar: "Cath Gettysburg"

Content deleted Content added
No edit summary
mioncheartúchán
Líne 1:
[[Íomhá:Thure_de_Thulstrup_-_L._Prang_and_Co._-_Battle_of_Gettysburg_-_Restoration_by_Adam_Cuerden_(cropped).jpg|deas|250px|thumb|Cath Gettysburg]]
Cuireadh '''Cath Gettysburg''', ar an 1–3 Iúil, 1863, timpeall ar bhaile mór [[Gettysburg]], [[Pennsylvania]], idir fórsaí an Tuaiscirt agus an Deiscirt i rith [[Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe|Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe]]. Sháraigh an cath seo cathanna eile an chogaidh ó thaobh na saighdiúirí a fuair bás, agus glactar leis gur de thoradh an chatha seo a thosaigh an cogadh ag éirí leis an Tuaisceart. Ba é an Maor-Ghinearál George Meade a bhí i gceannas ar thrúpaí an Tuaiscirt, mar atá, Arm an ''Potomac'', agus chuir sé deireadh leis an ionsaí a bhí ar cois ag Robert Lee agus na trúpaí faoina cheannas-sasan, mar atá, Arm Virginia Thuaidh.
 
I ndiaidh an cath a bhriseadh ar an Tuaisceart in aice le Chancellorsville, Bealtaine 1863, bhí Lee ag déanamh a bhealaigh trí Ghleann Shenandoah le tús a chur leis an dara hionsaí ar an Tuaisceart, ar a dtugtar Feachtas Gettysburg. Bhí a chuid trúpaí ar bharr na gaoithe, agus theastaigh uaidh súil an tsaoil mhóir a tharraingt ón léirscrios a bhí déanta ar Thuaisceart Virginia. Bhí dóchas aige go n-éireodh leis teacht a fhad le Harrisburg nó fiú le Philadelphia, ionas nach mbeadh an dara rogha ag polaiteoirí an Tuaiscirt ach scor den chogaíocht agus síocháin a shocrú leis an Deisceart. Bhí an tUachtarán Abraham Lincoln ag cur brú ar an Maor-Ghinearál Joseph Hooker trúpaí Lee a leanúint, ach trí lá roimh an gcath bhain sé an ceannas de Hooker agus chuir sé Meade ina áit.