An difríocht idir athruithe ar: "Jeanne d'Arc"

Content deleted Content added
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 132:
Ba as sráidbhaile gan iomrá í Jeanne d’Arc agus bhí aithne i bhfad is i gcéin uirthi nuair nach raibh inti ach duine an-óg fós in ainneoin gur thuathánach gan oideachas í. Bhí sé dearbhaithe ag na ríthe Francacha agus Sasanacha go raibh an ceart acu an cogadh leanúnach a chur chun cinn. Thagair siad araon don [[dlí Saileach]] a bhí ann le míle bliain chun údar a thabhairt dá seasaimh agus ba dhifriúil an léirmhíniú a bhí acu ar an dlí sin. Achrann oidhreachta idir ríthe ba chúis leis an gcoimhlint. Rinne sí achomhairc a threisiú; cuir i gcás comharc scuibhéir Jean de Metz nuair a d'fhiafraigh sé: “Ar cheart an rí a dhíbirt ón ríocht; agus ar chóir dúinn bheith inár Sasanaigh?” Mar a dúirt Stephen Richey, “Ní raibh ann ar dtús ach scansáil leadránach idir ríthe nár tharraing suim phobail a bhí gafa lena mbochtanas féin. Ba í Jeanne d’Arc a chas an scansáil seo ina cogadh pobail arbh é an cuspóir a bhí leis ná saoirse náisiúnta a bhaint amach.” Cuireann Richey in iúl chomh mór agus a bhí sí i mbéal daoine sna blianta ina dhiaidh sin:
[[Íomhá:La Selle-en-Coglès (35) Vitrail 02.jpg|mion|Séipéal Saint-Pierre de La Selle-en-Coglès ]]
“B’iomaí caoi ar chuir na daoine a tháinig ina diaidh síos uirthi ó bhásaigh sí cúig chéad ó shin: deamhanta, fanaiceach, misteach spioradálta, duine soineanta a ndearna an lucht ceannais buntáiste a bhreith uirthi go tragóideach, an duine a chuir tús leis an náisiúnachas nua-aimseartha agus laoch dá chuid, banlaoch a bhfuil ardmheas uirthi, naomh. D’áitigh sí, fiú nuair a bagraíodh go ndéanfaí í a chéasadh agus nuair a bhíothas chun í a chur chun báis le tine, gurbh iad glórtha ó Dhia a bhí á stiúradh. Cibé acu gurbh ann do ghlórtha nó nárbh ann, cuireann a scéal iontas ollmhór ar gach duine a bhfuil cur amach aige air.”