An difríocht idir athruithe ar: "Na Ceithre Cúirteanna"

Content deleted Content added
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 14:
 
Bhí na Ceithre Cúirteanna i gcroílár na n-imeachtaí le linn [[Éirí Amach na Cásca]], agus arís eile sa [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh Cathartha]]. Le linn an Éirí Amach, ghabh an Chéad Chathlán an foirgneamh faoi chomandracht [[Éamonn Ó Dálaigh|Éamoinn Uí Dhálaigh]]. Tháinig an áit sách slán as an Éirí Amach, cé go ndearna gunnaí móra na nGall an-léirscrios sa phríomhchathair. Bhí an scéal i bhfad ní ba mheasa sa bhliain [[1922]], áfach, nó ba sna Cúirteanna seo a thosaigh an Cogadh Cathartha, go bunúsach.
[[Íomhá:Bombarded Four Courts Irish Civil War.jpg|mion|28 Meitheamh 1922 ]]
Nó nuair a tháinig scoilt ar [[Óglaigh na hÉireann]] i ndiaidh shíniú an [[Conradh Angla-Éireannach|Chonartha Angla-Éireannaigh]], shealbhaigh [[Ruairí Ó Conchúir]] agus a chuid Óglach an foirgneamh seo, agus iad ag cur in aghaidh an Chonartha. Ar an 14 Aibreán 1922, gabh Ó Conchubhair agus timpeall 200 poblachtánach frith-Chonartha eile na Ceithre Cúirteanna agus roinnt foirgneamh eile, an Oifig Ballasta agus Halla na Máisiún ar Shráid Theach Laighean ina measc<ref>http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf</ref>. Bhí [[Seán Lemass]], a bhí ina [[Thaoiseach]] sna [[1960í]], ar dhuine de na hÓglaigh seo.
[[Íomhá:Four Courts Conflagration.jpg|mion|30 Meitheamh 1922: Scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí]]