An difríocht idir athruithe ar: "Búistéirí na Seanchille"

Content deleted Content added
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 60:
 
Mar sin féin, fuair drong an ''Windsor Bar'' amach faoina raibh déanta, agus ó b'é Waller a bhí siad a mhilleánú faoi bhás Robinson, mharaigh siad é go gairid ina dhiaidh sin. Tháinig fearg mhór ar dhrong an ''Brown Bear'', agus chinn siad ar dhíoltas a agairt ar dhúnmharfóirí Waller. Bhí duine de na dúnmharfóirí, Roy Stewart, ina bhoc chomh mór i measc na nDílseoirí agus go raibh eagla ar Mhurphy é a mharú, ach ní raibh sa bheirt eile acu, Noel "Nogi" Shaw agus Dessie Balmer, ach gnáthsceimhlitheoirí nach n-aireodh aon duine tábhachtach uaidh dá maródh lucht an ''Brown Bear'' iad, dar le Murphy.
[[Íomhá:Lawnbrookclub.jpg|clé|mion|Lawnbrook club ]]
Mar sin féin, nuair a tháinig lucht an ''Brown Bear'' le chéile i dtolglann an ''Lawnbrook Social Club'' ar an 30 Samhain leis an scéal a phlé, d'ordaigh Murphy dá chuid fear an triúr go léir a mharú. San am céanna, bhí teachtaireacht curtha aige faoi choim chuig Stewart, le go bhféadfadh seisean dul i bhfolach go ceann tamaill. Chuaigh Moore, McAllister agus Bates go dtí an ''Windsor Bar'' le cur in iúl do ghnáthóirí na háite go raibh Stewart, Shaw, agus Balmer ag teastáil ó Lenny Murphy. Agus an cháil a bhí ar Lenny i measc na nDílseoirí, ní fhéadfá diúltú don chineál sin cuiridh. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, ní raibh ach Shaw ann agus é ag ól ina aonar. Nuair a tháinig an triúr trasna air, chimigh siad é ar an toirt agus thug siad go dtí an ''Lawnbrook Social Club'' é. Sa chlub, tugadh an ghnáthleadhbairt dó, agus nuair a d'admhaigh Shaw, stócach óg ocht mbliana déag, go raibh sé ciontach i ndúnmharú Waller, mharaigh Lenny Murphy é le ceithre urchar sa chloigeann.