An difríocht idir athruithe ar: "James Napper Tandy"

Content deleted Content added
No edit summary
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 17:
==Leagadh amach réabhlóide agus é ar deoraíocht ==
Bhí bá le muintir Réabhlóid na Fraince ag fás agus ag leathadh go forleathan agus go tapa in Éirinn ag an am. Rinneadh cinneadh óráid chomhgairdis a thabhairt do náisiún na bhFrancach i mí Iúil 1791 nuair a vótáil timpeall 6,000 duine i gcruinniú i mBéal Feirste. An bhliain dár gcionn, ghlac Tandy páirt ceannródaíochta i mbunaíocht de chumann míleata nua in Éirinn, bunaithe ar mhúnla an Gharda Náisiúnta sa Fhrainc; ghlac siad le prionsabail phoblachtacha agus chaith siad feisteas ar a raibh caipín Frigiach (nó caipín na saoirse) ar taispeáint ar barr na cruite Gaelaí, seachas an choróin. Chomh maith leis sin, thug Tandy mionn [[Na Cosantóirí|na gCosantóirí]], cumann Caitliceach Rómhánach a raibh borradh ag teacht faoin bhforéigean arúlachta agus polaitíochta a rinne siad le blianta beaga anuas ag an am, ionas go dtiocfadh an eagraíocht sin le chéile leis na hÉireannaigh Aontaithe.
[[Íomhá:BARRINGTON(1833) p1.261 JAMES NAPPER TANDY.jpg|mion|JAMES NAPPER TANDY, ó BARRINGTON (1833) p1.261 ]]
Nuair a fuair na húdaráis amach gur thóg sé mionn na gCosantóirí, cuireadh an dlí air as paimfléad ceannairceach a thabhairt amach i gContae Lú. Is iomaí uair a d’aistrigh sé a sheoladh ina dhiaidh sin, chun ionchúiseamh, chomh maith le leabhal, a éalú; i measc cuid de na seoltaí inar chuir sé faoi ag an am, áirítear: 16 Sráid Dorset in 1779, 21 Margadh an Arbhair go dtí 1783, 180 [[Sráid na Mainistreach]] go dtí 1785, 67 Sráid Bhríde go dtí 1786, 97 Sráid Bhríde go dtí 1788, agus d’fhill sé go 57 Sráid Bhríde ó 1789 go dtí 1795, an bhliain a theith sé go dtí na Stáit Aontaithe, inar fhan sé go dtí 1798. Chuaigh sé go [[Páras]] i mí Feabhra 1798, áit ina raibh scata teifeach Éireannach ag bailiú, agus Wolfe Tone an phearsa ba mhó le rá ina measc, chun éirí amach in Éirinn agus ionradh Francach a phleanáil. Bhí siad in adharca a chéile ag an am céanna maidir le teaicticí, faraor.<ref>{{cite web|last1=Keogh|first1=Dáire|title=An Unfortunate Man|url=http://www.historyireland.com/18th-19th-century-history/an-unfortunate-man/|website=History Ireland|accessdate=10 December 2016}}</ref>
 
Líne 30:
 
Seans gurbh de bharr an cheist faoin tslí inar thug údaráis Hamburg do na Sasanaigh é agus an t-amhras ar ghníomh dleathach a bhí i gceist nó nach raibh, a tugadh an trócaire seo dó. Ina theannta sin, rinne [[Napoléon]] idirghabháil ar a shon agus deirtear fiú gur choinníoll de Chonradh Amiens ab ea scaoileadh Tandy.
[[Íomhá:Memorial_to_Napper_Tandy_-_geograph.org.uk_-_543164.jpg|mion|Leach chuimhneacháin dhátheangach do Napper Tandy ]]
 
D’ainneoin na drochnósanna agus na laigí uile a bhí aige, agus an easpa cumais a bhí aige chomh maith, níl aon údar ann a mheas gur dhuine mímhacánta nó gur dhuine bréige a bhí ann, agus, mar a thaispeántar go soiléir sa tslí ina bhfuil a ainm curtha isteach san amhrán sin a bhfuil cáil air “The Wearing of the Green”, is léir gur éirigh leis dul i bhfeidhm ar shamhlaíocht an phobail mhóir a bhí ar son éirí amach i gcoinne Shasana. Féachadh air mar dhuine céimiúil sa Fhrainc, ina dtuigeadh gur bhua taidhleoireachta na Fraince a bhí i gceist nuair a scaoileadh saor é, i mí an Mhárta 1902, agus nuair a d’éag sé ar an 24 Lúnasa 1803 in Bordeaux, “bhí an t-arm go léir sa dúiche agus sluaite ollmhóra de shaoránaigh, leis” ag a shochraid. Tá ráflaí ann go ndí-adhlacadh a chorp ní b’fhaide anonn agus gur cuireadh ar ais go hÉirinn é, agus go n-adhlachadh é in uaigh gan leach in Eaglais Paróiste Chaisleán Bellingham i gContae Lú (bhí neacht leis, Anne Bearcáil, pósta le Bairnéad Chaisleán Bellingham). Cuireadh a bhaintreach chéile i reilig Naomh Muire, Bhaile Iúiliáin, Contae na Mí agus is éard atá scríofa ar an leach ná: ''"To the memory of Mrs Ann Tandy, died 25 Dec 1820, widow of James Napper Tandy, Irish Patriot and General French Army. This stone was erected by their son James Napper Tandy whose youthful son was buried here with Thomas Cannon..."''<ref>{{cite web|title=James Napper Tandy - United Irishman|url=http://www.elsmere.itgo.com/catalog.html|website=Elsmere|accessdate=12 September 2017}}</ref>