An difríocht idir athruithe ar: "Fiabhras tíofóideach"

Content deleted Content added
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 1:
[[Íomhá:Fievre typhoide.png|thumb|Réigiúin ar domhan a bhfuil an mhinicíocht is mó de fiabhras tíofóideach orthu i [[2000]].]]
[[Galar]] ionfhabhtaíoch a gcuireann an [[baictéar]] [[Salmonella]] typhi tús leis, a dtugtar ''fiabhras eintreach'' air freisin. Faigheann duine é trí bhia nó deoch atá truaillithe le faecas duine ghalraithe. Scaiptear é go minic i soláthar uisce nó le linn ullmhú bia. Is iad na siomtóim a bhaineann leis ná fiabhras ard, sáimhríocht, cráphianta, [[buinneach]], gríos ar an mbolg, agus níos déanaí, [[rámhaille]] is cóma. Má thagann duine slán, bíonn sé ina iompróir ainsealach ag an ngalar agus eisfhearann na baictéir ina fhaecas an t-am ar fad. Chun an galar a sheachaint, is gá cloí le córacha maithe sláintíochta is caighdeáin arda sláinteachais in ullmhú bia is dí. Is inmhianaithe go mór go mbeidh daoine atá le taisteal i réigiúin ar leith den [[An Domhan|Domhan]] ([[an India]], mar shampla, mar a bhfuil an galar seo eindéimeach) vaiscínithe díonta ina choinne.