An difríocht idir athruithe ar: "Gluaiseacht (úrscéal)"

m
earráid litrithe
m (corr using AWB)
m (earráid litrithe)
==An Plota==
Ag tús an leabhair, tá duine ag labhairt. Ní thugtar a ainm ach tá sé ag ceistiú cén fáth go bhfuil sé san áit a bhfuil sé. Insíonn sé dúinn scéal a shaoil. Is buachaill óg é i sráidbhaile beag san Afraic. Téann an buachaill óg go dtí an tobar chun uisce a fháil. Tá náire air mar is jab é sin do na cailíní de ghnáth ach tá a dheirfiúr rólág chun é a dhéanamh agus de bharr go bhfuil a mháthair ag cothú an linbh, is airsean a thiteann sé dul agus uisce a tharrainttharraingt ón tobar. Nuair a thagann sé ar ais ón tobar tá a shaol iomlán tar éis athrú. Tá a theaghlach ar fad imithe ón sráidbhaile gan rian fágtha ina ndiaidh. Níl éinne fágtha sa sráidbhaile ach oiread. Níl le feiceáil aige anois ach tithe folmha agus corrmhadra marbh ar thaobh na sráide. Buaileann an buachaill óg le fear a bhfuil éadaí dubha á gcaitheamh aige. Ag marú uain atá sé. Tugann an fear an buachaill óg leis ar a chapall go baile eile mar tá iontas air gur tháinig éinne slán.
Nuair a shroicheann an buachaill agus fear na n-éadaí dubha (ní thugtar ainm dúinn) an baile nua, fágann an fear an buachaill óg i dteach le fear eile, fear údarásach. Tá iontas ar gach duine sa bhaile gur tháinig éinne slán. Tá muintir an bhaile cabhrach ach faiteach agus tá siad aineolach faoin Eoraip agus aon rud a baineann leis. Deir an fear leis go gcaithfidh an buachaill óg dul go dtí an Eoraip, nach bhfuil aon áit dó sa bhaile sin. Tugann an fear airgead dó chun íoc as an turas agus téann sé ar thrucail le daoine eile chun dul go dtí an Eoraip. Téann trí thrucail de dhaoine ar an turas tríd an ngaineamhlach go dtí an Eoraip. Ach bíonn stoirm ghainimh ann ar an mbealach agus déantar damáiste don trucail ar a bhfuil an buachaill óg. Níl siad in ann an trucail a dheisiú. Nuair a thagann trucail eile i gcabhair orthu deirtear leo nach bhfuil spás ann chun gach duine díobh a thógáil. Roghnaítear deichniúr paisinéirí as an tríocha atá ar an trucail. Fágtar na daoine eile sa ghaineamhlach, an buachaill óg ina measc. Ag an nóiméad deireanach, léimeann fear amháin den dream a bhí roghnaithe ar fhear na ngunnaí. Ach tá fear na ngunnaí ag súil leis agus scaoileann sé urchar leis agus maraítear é. Roghnaítear an buachaill óg chun dul ar an dara trucail ina áit. Agus ar an dara trucail, buaileann an buachaill óg le Fatima.