An difríocht idir athruithe ar: "Gluaiseacht (úrscéal)"

Content deleted Content added
m earráid litrithe
m earráid litrithe
Líne 8:
Nuair a shroicheann an buachaill agus fear na n-éadaí dubha (ní thugtar ainm dúinn) an baile nua, fágann an fear an buachaill óg i dteach le fear eile, fear údarásach. Tá iontas ar gach duine sa bhaile gur tháinig éinne slán. Tá muintir an bhaile cabhrach ach faiteach agus tá siad aineolach faoin Eoraip agus aon rud a baineann leis. Deir an fear leis go gcaithfidh an buachaill óg dul go dtí an Eoraip, nach bhfuil aon áit dó sa bhaile sin. Tugann an fear airgead dó chun íoc as an turas agus téann sé ar thrucail le daoine eile chun dul go dtí an Eoraip. Téann trí thrucail de dhaoine ar an turas tríd an ngaineamhlach go dtí an Eoraip. Ach bíonn stoirm ghainimh ann ar an mbealach agus déantar damáiste don trucail ar a bhfuil an buachaill óg. Níl siad in ann an trucail a dheisiú. Nuair a thagann trucail eile i gcabhair orthu deirtear leo nach bhfuil spás ann chun gach duine díobh a thógáil. Roghnaítear deichniúr paisinéirí as an tríocha atá ar an trucail. Fágtar na daoine eile sa ghaineamhlach, an buachaill óg ina measc. Ag an nóiméad deireanach, léimeann fear amháin den dream a bhí roghnaithe ar fhear na ngunnaí. Ach tá fear na ngunnaí ag súil leis agus scaoileann sé urchar leis agus maraítear é. Roghnaítear an buachaill óg chun dul ar an dara trucail ina áit. Agus ar an dara trucail, buaileann an buachaill óg le Fatima.
 
Reitíonn Fatima agus an buachaill óg go han-mhaith le chéile. Tagann an grúpa ar champa dídeanaithe ar imeall an ghaineamhlaigh, áit ina mbuaileann siad le hOmar, a chabhraíonn leo ar a dturas. Tagann Omar chucu i lár na hoíche chun iad a chur ar bhád a thógfaidh go dtí an Eoraip iad. Ritheann an triúr acu go dtí an fharraige agus cuirtear iad ar an mbád beag rámhaíochta. I rith an turais, bíonn orthu dul i bhfolach nuair a thagann bád mór ina dtreo. Ach tagann siad slán. Stopann an bád agus seasann fear ar a dtugtar ‘fear na leathshúile’ agus deir sé leo go léir léim on mbád mar nach bhfuil sé i gceist acu dul níos faide. Ach níl snámh ag cuid mhaith acu, an buachaill óg san áireamh. Beireann sé greim ar lámh Fatima agus léimeann an bheirt acu san fharraige. Nuair a dhúisíonn an buachaill óg, tá sé ag luí ar an ngaineamh. Tá Fatima tar éis é a thabhairt slán ón bhfarraige. Leanann Fatima agus an buachaill óg ag siúl, ó shráidbhaile go sráidbhaile ag goid ar a mbealach chun go mbeadh éadaí agus bia acu. Buaileann siad le buachaill eile agus foghlaimíonn siad faoin ‘gcamall iarann’ nó traein. Téann an bheirt acu ar an traein gan tícéad agus gabhtar iad. Cuirtear iad i seomra beag ar an traein go dtí go stoptar an traein, agus fágtar an buachaill agus Fatima faoi chúram garda eile. Cuirtear ar bhád iad agus tugtar iad go cáthaircathair aláinnálainn nua. Ach roinntear iad ina dhá ghrúpa agus scartar Fatima agus an buachaill óg. Imíonn an grúpa ina bhfuil Fatima i ngluaisteán mar go bhfuil ‘obair luachmhar ’ ann dóibh. Fágtar an chuid eile díobh sa chathair. Sa deireadh gabhann na gardaí an buachaill óg nuair a ghoideann sé pacáiste brioscaí. Níl aon chárta aitheantais nó pas aige. Mar sin níl aon áit le fanacht aige, nó obair le fáil aige agus déantar é a dhíbirt. Ní thiocfaidh deireadh leis an ngluaiseacht go deo.
 
==Na Príomhcharachtair==