An tslí a bhfeidhmíonn na bunphéirí de na núicléitídí sa [[Aigéadaigéad dí-ocsairibeanúicléasach|DNAribeanúicléasach]] chun tógáil próitéiní. Níl sna 25,000 géin sa cholainn dhaonna ach na 4 [[núicléitíd]] amháin: [[adainín]] (A), timín (T), citisín (C), agus [[guainín]] (G). Mar sin, níl ach 4 litir san [[aibítir]] ghéiniteach, ach iad in oird éagsúla ar fud an DNA i ngach [[crómasóm]]. Is dís tointemhóilíní de na núicléitídí é an DNA, agus é i bhfoirm déhéilicse. Tarlaíonn na núicléitídí seo ionas go mbíonn na díseanna A-T is C-G amháin os comhair a chéile mar naisc idir na tointí. Is é ord uathúil na mbunphéirí seo sna crómasóim go léir san [[ainmhí]] a chuimsíonn an cód géiniteach (an géanóm) don ainmhí uathúil sin. Ní leor dís amháin chun gné ar bith a shainiú, ach is gá trírín díobh (a dtugtar ''códón'' air) chun géin amháin a litriú.