An difríocht idir athruithe ar: "Väinö Linna"

Content deleted Content added
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 38:
 
Sna sálaí ag ''Päämäärä'', tháinig an chéad úrscéal eile amach go tiubh téirimeach—''Musta rakkaus'', is é sin, "An Grá Dorcha". Triantán grá is ábhar don scéal drámatúil seo a bhí suite i saol an lucht oibre a raibh an oiread sin dlúthaithne ag an scríbhneoir air. Thuill an leabhar seo clú dó ó na léitheoirí (agus airgead ó chustaiméirí na siopaí leabhar) chomh maith leis na léirmheastóirí, agus bronnadh duaiseanna litríochta air. Bhí an chuma ag teacht ar an scéal go raibh Linna le casadh nua a bhaint as móitífeanna móra na litríochta domhanda trí iad a shuíomh sa timpeallacht dhúchasach seo. Ní mar sin a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach. Nó nuair a chuaigh sé i mbun an chéad úrscéal eile, a bhí bunaithe ar an miotas Meisiasach, thráigh an tobar air, agus fuair sé é féin curtha ó chumas scríbhneoireachta ar fad ag na scrupaill a bhí á chrá. Is dócha gur babhta dúlagar intinne a bhí i gceist. Cibé scéal é, chuir sé craiceann de ina scríbhneoir le linn na géarchéime seo, agus an chéad úrscéal eile a bhreac sé ar pár, bhí sé an-difriúil le ''Päämäärä'' agus le ''Musta rakkaus'' araon.
[[Íomhá:Heikki Heino, Kariluoto (Pyynikin kesäteatteri 1962).JPG|mion|386x386px|VäinöAn LinnanLeifteanant kirjanKariluoto, "Tuntematoncarachtar sotilas"as (anúrscéal Väinö Linna "An Saighdiúir Anaithnid)", vänrikkiag KariluotonaAmharclann PyynikinSamhraidh kesäteatterissaPyynikki kesällä,in 1962.]]
 
== Saighdiúir na Fionlainne ina Steillbheatha ==