An difríocht idir athruithe ar: "Scéim phirimide"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 3:
Cluiche gill nó cearrbhachais atá i gceist leis an scéim phirimide go bunúsach, agus ní bheadh a dhath cearr faoi dá mbeifí ag margú na scéime mar chluiche gill. Is é an chuid mhídhlíthiúil nó mhí-ionraic den scéal go bhfuiltear ag cur madraí i bhfuinneoga ag áitiú ar na daoine gur scéim cheart ghnó nó infheistíochta atá ann.
 
Sa chiall chúng, scéim phirimide atá i gceist nuair nach bhfuiltear ag tabhairt le fios go bhfuil an brabús ag teacht as foinse éigin eile seachas airgead na n-infheisteoirí nua. '''Scéim Ponzi''' atá ann má táthar ag áitiú ar na hinfheisteoirí go bhfuil fíorsmaoineamh gnó i gceist. Is ionann áfach scéim phirimide agus scéim Ponzi go praiticiúil, nó is beag [[duine]] a mbeadh muinín aige as scéim lom phirimide. De ghnáth bíonn sé riachtanach a thabhairt le fios do na daoine go bhfuil coincheap nua gnó i gceist agus gur daoine dána neamh-réamhbhreithiúnacha iad má chuireann siad a gcuid airgid sa smaoineamh seo.
 
== Scéimeanna Pirimide ==