An difríocht idir athruithe ar: "Breandán Ó Beacháin"

Content deleted Content added
No edit summary
Stíl Wiki, defsort+
Líne 23:
[[Íomhá:Wax statue of Brendan Behan, National Wax Museum Plus, Dublin.jpg|clé|mion|National Wax Museum, Dublin]]
 
== Gníomhaíocht Phoblachtachphoblachtach ==
I 1937 bhog an teaghlach amach chun cónaí i scéim nua tithíochta de chuid an údaráis áitiúil i gCromghlinn, bruachbhaile de Bhaile Átha Cliath. Chuaigh Breandán isteach i bhFianna Éireann, eagraíocht aos óg an [[IRA]] agus foilsíodh filíocht agus prós dá chuid den chéad uair in iris na heagraíochta sin ''Fianna: the Voice of Young Ireland''. Gabhadh Ó Beacháin i Learpholl i 1939 agus ábhar pléasctha le haghaidh fheachtas buamála an IRA ina sheilbh aige. Gearradh trí bliana i scoil cheartúcháin air agus níor fhill sé ar Éirinn go dtí 1941. Gearradh téarma príosúin ceithre bliana déag air i 1942 ar chúis go ndearna sé iarracht beirt bhleachtairí a dhúnmharú i mBaile Átha Cliath. I bPríosún Mhuinseo a bhí sé ar dtús ach aistríodh go campa géibhinn an Churraigh é níos déanaí. Ligeadh saor i 1946 é nuair a cuireadh pardún ginearálta do phríosúnaigh phoblachtacha i bhfeidhm. Chaith sé seal i bpríosún i [[Manchain]] i 1947 de bharr iarracht a dhéanamh comrádaí poblachtach leis a shaoradh ó phríosún.
[[Íomhá:Home of Brendan Behan.jpg|clé|mion|295x295px|bailea theach i mBÁC]]
 
== An Scríbhneoirscríbhneoir ==
D'imir a tharla dó sa phríosún an-tionchar ar scríbhneoireacht Uí Bheacháin. Scríobh sé a chéad dráma, ''The Landlady'', i Muinseo agus thosaigh sé ag scríobh gearrscéalta agus próis eile ann freisin. Cuireadh cuid dá shaothar i gcló in The Bell príomhiris litríochta na hÉireann na linne sin. D'fhoghlaim sé Gaeilge sa phríosún agus, tar éis dó bheith scaoilte saor i 1946, chaith sé tamall i n[[Gaeltacht|nGaeltachtaí]] na Gaillimhe agus Chiarraí, áit ar thosaigh sé ag scríobh filíochta i nGaeilge. Faoi thús na gcaogaidí bhí sé in ann teacht i dtír ar a scríbhneoireacht don raidió agus do na nuachtáin agus bhí cáil bainte amach aige mar fhear barrúil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus i measc lucht litríochta.
 
Líne 34:
 
== Gaeilge ==
Ba chainteoir Gaeilge díograiseach é an Beachánach agus scríobh sé roinnt dá shaothar i nGaeilge i dtús ama..
 
== Deireadh ==
D'ól Breandán Ó Beacháin go trom ar feadh na mblianta. Bualadh tinn é le diaibéiteas go luath sna seascaidí. Ina dhiaidh sin, ba mhinic é ar meisce go poiblí, ar an stáitse agus fiú ar teilifís i 1956. Bhí gach leabhar dá chuid a foilsíodh tar éis 1957 bunaithe ar thaifeadadh a rinneadh leis, nó a scríobhadh i bhfad roimhe sin iad.
 
Líne 77:
{{Reflist}}{{síol}}
 
{{DEFAULTSORT:Beachain, Breandan}}
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|Beacháin, Breandán Ó]]
[[Catagóir:DrámadóiríScríbhneoirí Éireannacha|Beacháin, Breandán Ó]]
[[Catagóir:DaoineDrámadóirí as Baile Átha Cliath|Beacháin, Breandán ÓÉireannacha]]
[[Catagóir:Daoine aas rugadhBaile iÁtha 1923|Beacháin, Breandán ÓCliath]]
[[Catagóir:BásannaDaoine ia 1964|Beacháin,rugadh Breandáni Ó1923]]
[[Catagóir:Daoine a cuireadhBásanna i Reilig Ghlas Naíon|Beacháin, Breandán Ó1964]]
[[Catagóir:Daoine a cuireadh i Reilig Ghlas Naíon]]