An difríocht idir athruithe ar: "Ailgéabar"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Zemant (plé | dréachtaí)
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 1:
[[Íomhá:Quadratic_formula.svg|deas|250px|thumb|Ailgéabar]]
An brainse den [[Matamaitic|mhatamaitic]] é an t-'''ailgéabar''' ina seasann litreacha is siombailí eile do chainníochtaí anaithnide. D'fhorbair na hArabaigh é (tagann an t-ainm ón bhfocal [[An Araibis|Araibise]] ''al-jabr'') agus thóg siad isteach san [[An Eoraip|Eoraip]] é. San ailgéabar clasaiceach, oibrithe uimhríochúla a bhíonn i gceist. San ailgéabar teibí a saothraíodh sa [[19ú haois|19ú]]-[[20ú haois|20ú céad]], sainmhínítear oibrithe eile, mar shampla ailgéabar nach bhfeidhmeodh an dlí cómhalartach ann, is é sin nach ionann A¤B is B¤A, ina seasann ¤ don oibriú. Ceannródaí i saothrú ailgéabar mar seo ab ea [[William Rowan Hamilton]] a d'fhorbair teoiric na gceathairníon. Shaothraigh [[Arthur Cayley]] is daoine eile ailgéabar maitríseach, agus shaothraigh [[George Boole]] an [[Ailgéabar Boole|tacarailgéabar]] atá ainmnithe as. Tá ailgéabair neamhchomhthiomsaitheacha ann freisin, nach bhfeidhmíonn an dlí comhthiomsaitheach iontu, is é sin go mbraitheann toradh oibrithe ar an ord ina ndéantar é. Sa ghnáthuimhríocht is comhthiomsaitheach suimiú is iolrú, ach is [[neamhchomhfhios|neamhchomhthiomsaitheach]] iad dealú is roinnt. I measc na n-ailgéabar seo tá ailgéabair Jordan, ainmnithe as an [[matamaiticeoir]] [[An Ghearmáin|Gearmánach]] [[Pascual Jordan]], is ailgéabair Lie a úsáidtear go forleathan sa [[Fisic|bhfisic]] nua-aoiseach.
 
{{Fréamh an Eolais}}