An difríocht idir athruithe ar: "Leictreachas"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 13:
*[[cumhacht leictreach]] ina n-úsáidtear sruth leictreach chun trealamh a fhuinnmhiú;
*[[leictreonaic]] a dhéileálann le ciorcaid leictreacha a bhfuil [[Éighníomhaíochta (innealtóireacht)|comhpháirteanna leictreacha gníomhacha]] i gceist iontu amhail [[Feadán teirmianach|feadáin theirmianacha]] i bhfolús, [[Trasraitheoir|trasraitheoirí]], [[Dé-óid|dé-óidí]] agus [[ciorcad iomlánaithe|ciorcaid iomlánaithe]], agus teicneolaíochtaí idirnasctha éighníomhacha gaolmhara.
 
Rinneadh staidéar ar fheiniméin leictreacha ón chianaois ar aghaidh, ach d'fhan an dul chun cinn i dtuiscint theoiriciúil an-mhall go dtí an seachtú haois déag agus an ochtú haois déag. Fiú ansin, is beag cur i bhfeidhm praiticiúil ar leictreachas a tharla, agus ní go dtí deireadh an naoú haois déag a bhí [[Innealtóireacht leictreach|innealtóirí leictreacha]] in ann é a úsáid san earnáíl tionsclaíoch agus cónaithe. D'athraigh an leathnú tapa sa teicneolaíocht leictreach ag an am seo tionscal agus an tsochaí, mar fhórsa tiomána don [[Dara Réabhlóid Thionsclaíoch]]. Léiríonn hilúsáideach solúbthacht neamhghnách an Leictreachais gur féidir leas a bhaint as, beagnach gan teorainn, lena n-áirítear [[Cumhacht|iompar]], [[Téamh, aerú, agus aerchóiriú|téamh]], [[Solas leictreach|soilsiú]], [[Teileachumarsáid|cumarsáid]], agus [[ríomhaireacht]]. Is í an chumhacht leictreach anois cnámh droma na sochaí tionsclaíocha nua-aimseartha.
==Stair==
 
I bhfad sula raibh aon eolas ar leictreachas ann, bhí daoine ar an eolas faoi turraingí ​​ó [[Iasc leictreach|éisc leictreacha]]. Rinne téacsanna na Sean-Éigipte ó 2750 RCh tagairt do na héisc seo mar “Toirneoir na Níle”, agus chuir siad síos orthu mar “chosantóirí” gach iasc eile. Míle bliain níos déanaí, thuairiscigh na [[An tSean-Ghréig|Gréige]], na [[Impireacht na Róimhe|Róimhe]] agus na [[
Eolaíocht sa domhan meánaoiseach Ioslamach|hAraibe]] arís futhu. Dhearbhaigh roinnt scríbhneoirí ársa, a leithéid agus [[Plinias Mór]] agus [[Scribonius Largus]], go raibh éifeacht mhaolaitheach ag luchtanna leictreacha arna seachadadh ag [[roic nimhe]] agus [[Cat leictreach|cait leictreacha]], agus bhí a fhios acu go bhféadfadh na luchtanna sin taisteal feadh rudaí seoltacha. Ordaíodh ar othair a bhí ag fulaingt ó ghalair mar [[gúta]] nó [[tinneas cinn]] lámh a leagan ar éisc leictreacha sa tsúil go réiteodh an lucht cumhachtach iad. D'fhéadfadh sé gurb iad na hArabaigh a bhfuair amach céannacht tintrí, agus leictreachais ar dtús báire, agus a chuir an focal Araibis le haghaidh tintrí ra'ad (رعد) roimh an 15ú haois ar an Roc nimhe (Torpediniformes).