An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge"

Content deleted Content added
Ryanaxp (plé | dréachtaí)
m mo bhótún
Ryanaxp (plé | dréachtaí)
m ...
Líne 1:
Is í an '''Ghaeilge''' (.i. '''Gaeilge na hÉireann''') an [[teanga]] Ghaelach a labhraítear in [[Éire|Éirinn]]. Is i measc an dhá teangacha oifigiúil [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht na hÉireann]], agus beidh stádas [[teangacha oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach|oifigiúil agus oibre]] don Ghaeilge san [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]] ón [[1 Eanáir]], [[2005]].
 
Tá go leor ainmneacha eile réigiúnda nó stairiúla ar an teanga freisin: '''Gaedhealg''', '''Gaedhilge''', nó '''Gaedhilg''' (i gConamara), '''Gaedhilic''' nó '''Gaeilic''' (in áiteanna i Maigh Eo), '''Gaedhealaing''' nó '''Gaoluinn''' (sa Mhumhain), '''Gaedhlag''' (Omeath), '''Gáidhlic''' (in Alban), agus '''Guithealg''' nó '''Goidelc''' (Sean-Ghaeilge). Go minic, níl i gceist leo seo ach litrithe malairteacha ar an bhfocal "Gaeilge" agus iad ag baint leis an tréimhse réamhchaighdeánach (féach thíos chun a thuilleadh eolais a fháil), ach tabhair faoi deara gurb iondúil inniu a úsáidtear an leagan [[Cúige Mumhan|Muimhneach]] d'ainm na teanga, Gaelainn, le tagairt a dhéanamh do chanúint an chúige ina gcluinfeá an t-ainm seo uirthi. D'fheicfeá '''Gaoluinn''', leis, toisc gur mar "é" fada a fhuaimnítear "ao" an litrithe sna canúintí deisceartacha.