Content deleted Content added
Cúiseanna "Comraig" a lua mar théarma táinisteach don Bhreatnais
 
Líne 14:
Níl "Comraigh" in úsáid choitianta sa Ghaeilge mar ainm ar an mBreatnais. (Féach na leathanaigh ar ar chuir tú an téarma sin orthu inniu, mar shampla [[An Bhreatnais]].) Roghnaíodh "Comraig", de réir cosúlachta, i gcomhair teideal ar leabhar amháin sa bhliain 1948 agus níl sé soiléir domsa fiú ansin cé acu an tír nó an teanga atá i gceist. Theip orm teacht ar thagairtí eile de "Comraigh". Ba chóir do chuid tagairtí do "Comraigh" a bhaint mar sin. [[Úsáideoir:SeoMac|SeoMac]] ([[Plé úsáideora:SeoMac|plé]]) 19:41, 1 Samhain 2019 (UTC)
 
Níl tagairt do "Comraigh" déanta agam áit ar bith, ach "Comraig" nó "an Chomraig" i gcónaí. An teanga atá i gceist leis agus is é an t-aon fhocal a tharraing Seán de Búrca chuige chun tagairt uirthi agus é ag aistrighaistriú na scéalta ar fad. Ráiníonn go bhfuil rochtain agam ar chóip den leabhar agus léiríonn an slíocht seo a leanas ó lch 55 gur focal baineann é (liomsa an bhéim):
<blockquote>Níorḃ' ḟéidir a ṡárú ag innseaċt sgéil—ḃí an tsaṁlaiḋeaċt ċoṁ beo, an teanga ċoṁ líoṁṫa, agus '''an Ċomraig''' ċoṁ cruinn líoṁṫa sin aige.</blockquote>
Tá neart solaoidí eile de sa leabhar. Téarma le fianaise is ea é mar sin, i leabhar a cuireadh i gcló ag foilsitheoir creidiúnach. Sílim gur fiú an focal seo a lua i gciclipéid de bharr 2 chúinse eile: 1) leagan den téarma dúchasach atá ann agus tá dlistineacht éigin ag gabháil leis sin, agus 2) tá a mhacasamhail déanta ag muintir na hAlban, áit a bhfuil a' Chuimrigh agus Cuimris ar na téarmaí is coitianta don tír agus teanga faoi seach. Tá "Cuimrí" feicthe agam don tír i nGaeilge na hÉireann, agus cuirfidh mé sin leis nuair a bheas tagairtí agam do.