An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Saoirse (Éire)"

Content deleted Content added
m →‎An Sos Cogaidh: Béarla bainte
Líne 124:
Ar bhealach, bhí an cogadh ina [[leamhsháinn]] faoin am seo. Na comhchainteanna ar baineadh triail astu sa bhliain roimhe sin, níor tháinig aon toradh orthu, ó bhí sé éilithe ag an bPríomh-Aire [[David Lloyd George]] ná go gcuirfeadh na hÓglaigh a gcuid arm uathu roimh aon rud eile. Nuair a fuair an Príomh-Aire é féin faoi bhrú ag an bhFreasúra Liobrálach faoi cheannas [[Herbert Asquith|Herbert Henry Asquith]], ag [[Páirtí an Lucht Oibre (Breatain)|Páirtí an Lucht Oibre]] agus ag Comhdháil na gCeardchumann, chrom sé ar ais ar na comhchainteanna, agus cuireadh an chéad chríoch leis an gcogaíocht.[[Íomhá:Sinn Feiners camp 1920.jpg|mion|príosúnaigh cogaidh]]
B'é an dearcadh a bhí ag Rialtas na Breataine Móire ar na cúrsaí ná go raibh an cogadh le dul ar aghaidh go deo, agus tuilleadh daoine is airgid á chailleadh in aghaidh an lae. Thairis sin, agus b'é seo fíor-oighear an scéil, bhí an rialtas á lochtú go fíochmhar ag muintir Shasana féin, gan trácht ar bith a dhéanamh ar na tíortha iasachta, faoin treascairt a bhí á tabhairt d'Éirinn. Ón taobh eile de, ní raibh na hÓglaigh ábalta fód nua a dhéanamh ní ba mhó, dar leis an gCoileánach, go háirithe. Bhí siad in anás muinisin, agus nuair a tháinig fíor-shaighdiúirí Sasanacha in áit fórsaí tacair ar nós na nDúchrónach agus na bPóilíní Cúnta, thosaigh an cogadh ag cúngú ar na hÓglaigh dháiríre.
[[Íomhá:GeorgeV Royal Victorian Chain.jpg|clé|mion|248x248px|An [[Rí Seoirse V, King George V 1923]]|alt=]]
[[Íomhá:Jan Christiaan Smuts.jpg|mion|192x192px|Jan Smuts]]
Ní thiocfadh an briseadh mór chomh sciobtha sin, ach go bé go raibh an [[Seoirse V na Ríochta Aontaithe|Rí Seoirse a Cúig]], an ginearál [[Jan Smuts]] ón [[An Afraic Theas|Afraic Theas]] agus an Príomh-Aire David Lloyd George ag cur le chéile leis na comhchainteanna a chur ag obair in athuair. Bhí a fhios ag madraí an bhaile go raibh an Rí as cuimse míshásta leis an ródach a bhí na Dúchrónaigh a dhéanamh ar na hÉireannaigh. Nuair a hiarradh air óráid a thabhairt ag tionól bunaithe [[Pairlimint Thuaisceart Éireann|Phairlimint Thuaisceart Éireann]] ar an [[Stormont]], mhol Jan Smuts dó leas a bhaint as an ócáid lena thuairimí i leith chogadh na hÉireann a chur in iúl go poiblí, i gcruth is go gcaithfeadh na polaiteoirí comhréiteach agus síocháin a lorg. Thaitin an smaoineamh leis an Rí, agus d'iarr sé ar an nginearál a chuid tuairimí a bhreacadh síos, le go bhféadfadh an Rialtas spléachadh a fháil orthu. Dhréachtaigh Smuts sórt meamram, agus chuir an Rí cóip den cháipéis seo chuig an bPríomh-Aire. Ansin, nuair a tháinig an Caibinéad le chéile leis an meamram a phlé le chéile, fáiltíodh Smuts isteach, agus ó bhí an Rí, an Ginearál agus Lloyd George féin ar aon bharúil nár mhiste triail a bhaint as, ní raibh neart ag na hairí rialtais eile air. Mar sin, thug an Rí an óráid uaidh mar a bhí socraithe, agus é ag éileamh athmhuintearais in Éirinn.