An difríocht idir athruithe ar: "Ceimic"

Content deleted Content added
m →‎Sanasaíocht: nascanna a chur leis
Líne 19:
== Fodhisciplíní na Ceimice ==
 
* An [[CeimicAn Neamhorgánachcheimic neamhorgánach|An Cheimic Neamhorgánach]]: déanann an fodhisciplín seo taighde ar na comhdhúile neamhorgánacha, is é sin, na comhdhúile nach bhfuil slabhraí d'adaimh an charbóin iontu.
 
* An [[CeimicAn Orgánach|Cheimic Orgánach]]: Fadó, b'ionann an cheimic orgánach agus an [[Bithcheimic|bhithcheimic]]. Sa lá atá inniu ann, áfach, tugtar ceimic orgánach ar cheimic na gcomhdhúl carbónacha. Tá an carbón in ann slabhraí móra fada a dhéanamh nach bhfuil teorainn ná críoch leo, agus an dúrud de chomhdhúile éagsúla ann a bhfuil slabhraí den chineál sin iontu. is ábhar taighde ann féin, mar sin, na slabhraí seo agus na struchtúir éagsúla mhóilíneacha a gcuireann siad bun leo.
 
* An [[Bithcheimic|An Bhithcheimic]]: Sin é an t-ainm a thugtar sa lá atá inniu ann ar cheimic na neacha beo agus ar an dóigh a n-úsáidtear coincheapa agus modhanna oibre na ceimice sa bhitheolaíocht.
 
* An [[Ceimic Fhisiceach|Cheimic Fhisiceach]]: Shoiléirigh an [[meicnic chandamach|mheicnic chandamach]] sa bhliain 1926, go raibh bunús fisice taobh thiar den cheimic. Go bunúsach, déanann an ceimiceoir fisiceach taighde ar an mbaint atá ag an gceimic leis an bhfisic. Mar shampla, is suim leis [[teirmidinimic]] na ceimice, [[cinéitic]] na n-imoibrithe ceimiceacha, an [[leictriceimic]], an [[meicnic staitisteach|mheicnic staitisteach]], agus an [[speictreascópacht]]. Is deacair an cheimic fhisiceach a aithint go soiléir ón bh[[fisic mhóilíneach]]. Tá gá ag an gceimiceoir fisiceach leis an [[calcalas|gcalcalas]] agus é ag fréamhú a chuid [[cothromóid|cothromóidí]]. Baineann an cheimic fhisiceach go dlúth leis an gceimic theoiriciúil agus le ceimic an chandaim.
 
* An [[CeimicAn Cheimic theoiriciúil|An Cheimic Theoiriciúil:]]: Is éard atá i gceist leis an gceimic theoiriciúil ná réasúnaíocht theoiriciúil na fisice agus na matamaitice a chuirtear i bhfeidhm ar cheisteanna na ceimice. Go háirithe, tugtar [[ceimic chandamach]] ar an dóigh a bhfeidhmítear an [[Fisic chandamach|fhisic chandamach]] sa cheimic. Sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, chuaigh na ríomhairí an oiread sin i bhfeabhas gur féidir a rá go bhfuil a leithéid de bhrainse ann agus [[ceimic ríomhaireachta]], is é sin, forbairt agus feidhmiú na ríomhchlár le freastal ar shainriachtanais na ceimice. Tá dlúthbhaint ag an gceimic theoiriciúil le fisic an damhna chomhdhlúite agus leis an bhfisic mhóilíneach. Níl i gceist go bunúsach leis an gceimic theoiriciúil ach fisic, ar an gcaoi chéanna nach bhfuil sa bhitheolaiocht theoiriciúil ach ceimic agus fisic.
 
* Is í an [[Ceimic núicléach|cheimic núicléach]] an brainse den cheimic a phléann leis an [[radaighníomhaíocht]]: an úsáid a bhaintear as an radaighníomhaíocht le taighde a dhéanamh ar ghnáth-imoibrithe ceimiceacha ([[radaiceimic]]), an tionchar atá ag mais na n-[[iseatóp]] éagsúil ar na himoibrithe ceimiceacha ([[ceimic iseatópach]]), agus [[speictreascópacht]] an [[athshondas maighnéadach núicléach|athshondais mhaighnéadaigh núicléigh]]—is é sin, brainse speictreascópachta a théann i dtuilleamaí saintréithe maighnéadacha na [[Núicléas adamhach|núicléas]] le móilíní a aithint. Is féidir "ceimic núicléach" a thabhairt ar an dóigh a n-úsáideann fisiceoirí núicléacha modhanna oibre nó coincheapa na ceimice le taighde a dhéanamh ar [[eamhnú]] agus ar [[comhleá na núicléas|chomhleá]] na núicléas.