An difríocht idir athruithe ar: "Tamhlacht"

Content deleted Content added
m Cealaíodh athruithe Pól Óg Ó Meadhra (Plé); ar ais chuig leagan le Holder
m Cealaíodh athruithe WikiBayer (Plé); ar ais chuig leagan le Pól Óg Ó Meadhra
Líne 14:
[[File:Tallaght - aerial view 170808.jpg|thumb|280px|Tamhlacht in 2017]]
 
== Is [[baile]] mór é '''Tamhlacht''' ([[Béarla]]: ''Tallaght '') i g[[Contae Átha Cliath Theas]], agus é ar an tríú baile mór is mó i b[[Poblacht na hÉireann]] tar éis [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] agus [[Corcaigh|Chorcaí]]. Roimh an mbliain [[1970]] ní raibh ach cúpla céad [[duine]]ina gcónaí ann, agus ba é an dearcadh a bhí ag muintir [[Cathair (lonnaíocht)|chathair]] Bhaile Átha Cliath gur ceantar tuaithe a bhí ann. Tógadh a lán [[teach|tithe]] nua ann le linn na [[1970í|seachtóidí]], áfach, agus d'fhás an baile go tapa uaidh sin amach. ==
 
Tá [[CLG Tomás Dáibhís|Club Peile agus Iománaíochta Thomáis Dáibhís]] ar na clubanna is sine i dTamhlacht. Is ann atá [[Ospidéal Thamhlachta]] lonnaithe.
 
Line 84 ⟶ 83:
* 1999 D'oscail an Amharclann Chathartha in aice le ceanncheathrú Chomhairle Chontae Átha Cliath Theas i dTamhlacht.
* 2004 Cuireadh tús leis an Líne Dearg don [[Luas (tram)|LUAS]] ó Tamhlacht go lár chathair Bhaile Átha Cliath.
 
== Gaelphobal Thamhlachta ==
Bunaíodh ''Cumann Gaelach Thamhlachta'' i 1974, mar chraobh de ''Chonradh na Gaeilge'' le grúpa ghaeilgeoirí a bhí mar chuspóir acu an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar Thamhlachta agus gaelphobal a fhorbairt go fadtéarmach. D’éirigh thar barr leis an ngluaiseacht seo.
 
Ó thosaigh an Cumann bhí sé stiúraithe le roinnt prionsabal leathan. Seo iad a leanas;
 
·        Go raibh an gnáthdhuine báúil don teanga is dá mbeadh an deis aige/aici, thabharfadh sé/sí tacaíocht ghníomhach don ghluaiseacht teangan.
 
·        Go bhféadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga a bheadh á labairt go forleathain agus daoine ag glacadh léi.
 
·        Go raibh nasc díreach idir an obair ag an léibhéal áitiúl agus an léibhéal náisiúnta is da bharr sin gur chóir nasc a bheith ann idir an eagraíocht áitiúil agus an eagraíocht náisiúnta a bhí ag obair chun an teanga a chur chun cinn.
 
·        Gurbh í an scoil lán Ghaeilge an bealach is fearr chun a chinntiú go mbéadh sé ar chumas an chéad ghlúin eile an Ghaeilge a labhairt agus deis a thabhairt don ghluaiseacht Pobal na Gaeilge a thógaint  a bheadh bunaithe timpeall na scoile.  D’fhéachfaí ar an scoil mar chuid lárnach do fhíor riachtanais an phobail.
 
An t-éacht ba mhó a rinne an Cumann ná mean agus bunscolaíocht trí Ghaeilge a chur ar fail don cheantar . Bunaíodh an chéad scoil, Scoil Santain i 1979. Bunaíodh an dara scoil, ''Scoil Chaitlín Maud''e i 1986 chun freastal ar Iarthar Thamhlachta. I 1993 bunaíodh meanscoil lán Ghaelach, ''Coláiste de hÍde.'' Tá ag éirí thar barr leis na scoileanna seo uilig, ag freastal ar níos mó ná míle dalta i láthair na huaire a bhfuil líofacht ard bainte amach sa teanga acu.
 
Sa lá atá inniu ann táimid ag feidhmiú faoin ainm nua Gaelphobal Thamhlachta. Bíonn go leor imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar siúl le freastal ar phobal na Gaeilge sa cheantar. Ina measc bíonn
 
* Ciorcal chomhrá gach seachtain ar a 8 i gCaifé Aon Scéal, 518 , le ceachtanna saor in aisce d'fhoghlaimeoirí.
* Glacaimid páirt sa rás sealaíochta náisiúnta ''Rith'' gach ré bhliain.
* Campaí Samhraidh do pháistí.
* Tobshluanna.
* Oícheanta sóisialta.
* Aifreann Gaeilge
* Siúlóidí.
* Céilithe
 
Bunaíodh an club óige ''Feachtas Thamhlachta'' i 2015 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin i leith.
 
Bunaíodh ''Aisteoirí Thamhlachta'' i 2017 agus tá trí dhráma léirithe acu ó shin i leith - ''Éirí na Gealaí, Ar Thóir na Féinne'' agus ''Ar Chúl an Tí''.
 
Osclaíodh an 'Café Aon Scéal' i Nollaig 2019, ag 518 Sráidbhaile Thamhlachta. Is iad na huaireanta oscailte ná 8.30 go 4.30 Luan go hAoine, 9 go 5 Dé Sathairn agus ó 9.30 go 4.30 Dé Domhnaigh. Bíonn gach saghasa bia agus deochanna ar fáil ann.
 
Mar chríoch, trí iarrachtaí ''Ghaelphobal Thamhlachta'', tá dul chun cinn an mhór déanta i bhforbairt na Gaeilge mar theanga bheo chumarsáide i gceantar Thamhlachta. Cuireann sé go mór le saibhreas cultúrtha i gceantar ina  bhfuil ceann de na daonairimh is mó sa tír ag maireachtáil. Tar éis daichead bliain  d’ obair chrua dhíograiseach is féidir a rá go bhfuil gaelphobal láidir i dTamhlacht is beidh go deo!
 
== An Ghaelscolaíocht i dTamhlacht ==