An difríocht idir athruithe ar: "Cré na Cille"

Content deleted Content added
Added ref
Líne 19:
Úrscéal [[Gaeilge]] leis an scríbhneoir [[Éireannach]] [[Máirtín Ó Cadhain]] é '''Cré na Cille''' nó '''Cré na Cille: aithris i ndeich n-eadarlúid''' uaireanta. Foilsíodh an t-úrscéal i dtráthchodanna sa nuachtán [[Scéala Éireann]] idir [[15 Feabhra]] agus [[17 Meán Fómhair]] na bliana [[1949]] agus foilsíodh i bhfoirm leabhair ag [[Sáirséal agus Dill]] sa bhliain cheanna é. Tá an t-úrscéal lonnaithe i reilig i g[[Conamara]]. Caitríona Pháidín an príomhcharachtar ann, í díreach tar éis báis, is caitheann sí a cuid ama ag comhrá le muintir na reilige. De réir mar a bhásaíonn tuilleadh daoine, tógtar scéalta faoin saol beo thuas síos go muintir na reilige is tagann sé chun solais go raibh is go bhfuil Caitríona Pháidín díreach ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar dheirfiúr léi Neil. Tugann an t-úrscéal spléachadh ar ghné mhíthaitneamhach de shaol na tuaithe in [[Éirinn]], gné na cúlchainte is an bhéadáin. Sa chaint dhíreach is mó atá téacs an leabhair. Tá an leabhar roinnte i ndeich n-eadarlúid. Bíonn ''Stoc na Cille'' ag caint idir gach eadarlúid.
 
Tá de cháil ag an leabhar a bheith fíorchasta, agus is minic go n-áitítear nár thuig muintir Chonamara, muintir Uí Chadhain féin a raibh ann.<ref> Dictionary of Irish Writers, Writers in the Irish Language, curtha i dtoll a chéile ag Brain Cleeve, Cló Mercier, 1971. </ref> Tá an téis sin bréagnaithe ag Ó Béarra (Ó Béarra, Feargal, “Gaeilge Uí Chadhain”, in: Ní Annracháin, Máire [ed.], ''Saothar Mháirtín Uí Chadhain'', Léachtaí Cholm Cille 37, Maynooth: An Sagart, 2007. 103–130). Bhuaigh an t-úrsceal [[Duais an Oireachtais]] sa bhliain [[1947]] agus roghnaigh [[UNESCO]] go n-aistreofaí an leabhar go mórtheangacha eile na hEorpa, maraon le sárshaothair eile a scríobhadh i dteangacha neamhfhorleathana. Aithníodh beagnach láithreach gur mórleabhar de chuid na Gaeilge a bhí ann. Cé gur bhuaigh sé duais [[Oireachtas na Gaeilge|Oireachtais]], dhiúltaigh [[An Gúm]] glacadh leis mura mbainfí míreanna áirithe as. Nuair nach raibh an [[Gúm]] sásta déileáil leis, ghlac comhlacht Uí Éigeartaigh, [[Sáirséal agus Dill]], leis agus d’fhoilsigh é ar an [[10 Márta]] [[1950]].
 
== Plota an Leabhair ==
Líne 40:
== Inspioráid don Leabhar ==
 
Cuireadh i leith an Chadhanaigh gur thug [[Dostoevsky]] inspioráid don scéal, ach mhaígh sé féin go raibh an leabhar bunaithe ar ráiteas a chuala sé nuair a bhí uaigh á tochailt do sheanfhondúir de chuid an [[An Cnocán Glas|ChnocháinChnocáin Ghlais]] i ngeimhreadh na bliana [[1944]] nó [[1945]].
 
' ''Chart muid dhá uaigh ach níorbh iad na cónraí cearta a fuair muid iontu. Cuireadh fios ar mhapa na n-uaigheannaí ach bhí an mapa cosúil le gasúr ag déanamh suimeannaí leis an tlú i luaith an teallaigh. Bhí sé siar sa lá agus ba ghearr go mbeadh an tsochraide ar fáil. Dúirt muid go gcartfadh muid uaigh eile agus gurb shin é an méid. Ag dul abhaile dhúinn dúirt duine de mo chomharsanaí: 'an bhfuil a fhios agaibh cár fhága muid téaltaithe sa deire í, anuas', adúirt se, 'ach ar dhuine a dtiúrfa mise Micil Rua air'. 'Ó', adúirt ceann eile, 'ó bhó go deo nach ann a bheas an "grammar".'' '