An difríocht idir athruithe ar: "Pádraic Ó Conaire"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 29:
Bhog sé go dtí [[Londain]] sa bhliain 1899 agus ghlac sé post mar státseirbhíseach sa Bhord Oideachais ann. Chuir sé suim mhór i gcúrsaí [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]]. Bhí an Ghaeilge ina thimpeall i gcónaí i Londain fiú, agus chaith sé na hoícheanta agus na deirí seachtaine ag múineadh na teanga do Ghaeilgeoirí agus inimircigh eile.
Cé go raibh post aige sa [[An Bhreatain|Bhreatain]], rinne sé iarracht maireachtáil ar a chuid scríbhneoireachta nuair a d'fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1914, agus bhí an-ghean ag daoine air cé nár shaothraigh sé mórán airgid aras a chuid saothar liteartha le linn a shaoil. Chaith sé an chuid is mó dá shaol fosta ina chónaí i nGaillimh, ag múineadh sna coláistí samhraidh sna [[Gaeltacht|Gaeltachtaí]] anois is arís.
[[Íomhá:Deoraidheacht 005 Image.png|clé|mion]]
Bhí sé pósta le Molly Ní Mhanais, agus bhí ceathrar clainne acu: Eileen (r. 22 Feabhra 1905), Patrick (r. 3 Samhain 1906), Kathleen (r. 24 Feabhra 1909) agus Mary Josephine (28 Iúil 1911–1922), a fuair bás de bharr [[diftéire]]. D'fhág sé a bhean agus a chlann agus chaith na blianta ag fánaíocht ar fud na hÉireann.
Líne 41:
 
== Saothair ==
Scríobh sé dhá úrscéal, ''[[Deoraíocht (úrscéal)|Deoraíocht]]'' agus ''[[Fearfeasa Mac Feasa]]'', chomh maith le go leor aistí agus gearrscéalta. Tá cuid de na gearrscéalta seo ar fáil sa leabhar ''Scothscéalta'' atá ar an siollabas [[Ardteistiméireacht|Ardteist]]<nowiki/>e in Éirinn le fada an lá.
* ''An Scoláire Bocht, agus scéalta eile'', 1904/1913
* ''Nora Mharcais Bhig'', 1906
Líne 49:
* ''[[Seacht mBua an Éirí Amach]]'', 1918
* ''[[An Crann Géagach]]'', 1919
* ''Tír na n ÍontaisÍontas'', 1919
* ''Béal an Uaignis'', 1921
* ''Siol Éabha'', 1921