An difríocht idir athruithe ar: "Teresa Mullen"

Content deleted Content added
Defaultsort, nasc, cupla catagóir
No edit summary
Líne 1:
{{Bosca Sonraí Duine|áit_bhreithe=Baile Átha Cliath|ainm=Teresa Mullen|gairm=[[Lúthchleasaí parailimpeach]]|náisiúntacht=[[Éireannach]]|dáta_breithe=27 Aibreán 1938|áit_bháis=|dáta_báis=23 Lúnasa 1989}} Lúthchleasaí parailimpeach Éireannach ab ea '''Teresa Mullen''' (27 Aibreán 1938 - 23 Lúnasa 1989).<ref name=":0">{{Lua idirlín|url=https://www.cambridge.org/gb/academic/subjects/literature/irish-literature/dictionary-irish-biography-earliest-times-year-2010,%20https://www.cambridge.org/gb/academic/subjects/literature/irish-literature|teideal=Dictionary irish biography earliest times year 2010 {{!}} Irish literature|údar=Jim Shanahan|dáta=2018|language=en|work=Cambridge University Press|dátarochtana=2020-01-10}}</ref><ref>{{Lua idirlín|url=https://www.paralympic.org/teresa-mullen|teideal=Teresa Mullen - Lawn Bowls {{!}} Paralympic Athlete Profile|language=en|work=International Paralympic Committee|dátarochtana=2020-01-10}}</ref>
 
== Beathaisnéis ==
Rugadh Mullen i m[[Baile Átha Cliath]] an 27 Aibreán 1938. Ba iníon í do James Kelly agus Lily Kelly (née Boles) de Bhóthar Ellenfield, [[Fionnbhrú|Fionnbhrú, Baile Átha Cliath]]. D'fhreastail sí ar scoil i mBaile Átha Cliath, agus d'oibrigh sí mar mheaisínóir. Phós sí Christopher John Mullen i 1961. Rugadh mac agus beirt iníonacha dóibh. Chónaigh siad ar dtús sa Trá Thuaidh agus ansin bhog siad go dtí an [[An Chúlóg|Chúlóg, Baile Átha Cliath]] . Bhí Mullen sna tríochaidí láir nuair a bhí sí teoranta do chathaoir rothaí tar éis deacrachtaí a d'eascair as [[Ainéistéiseach eipeadúrach|eipeadúrach]]. Thosaigh sí ag freastal ar ionad lae Chluain Tarbh de chuid Chumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann i lár na 1980idí, áit ar tugadh isteach babhlaí faiche í agus a raibh cumas nádúrtha aici ina leith. Bhuaigh sí an teideal náisiúnta tosaitheoir i 1985 maidir le babhlaí, agus bhuaigh sí na teidil shinsearacha Éireannacha i 1986 agus 1987. Le seo bhí sí an céad babhlaí ó Phoblacht na hÉireann chun é sin a dhéanamh. Ghlac sí páirt i gCluichí Stoke Mandeville i 1986 agus 1987, agus bhuaigh sí cré-umha sna himeachtaí singil agus dúbailte. Fuair sí oiliúint i [[Tuaisceart Éireann|dTuaisceart Éireann]] mar ullmhúchán do na Cluichí Para-Oilimpeacha 1988 i Seoul, sa Chóiré, ag traenáil i gcoinne na n-imreoirí ábalta is fearr agus iad a bhualadh go minic.<ref name=":0" />
 
Díreach roimh na gcluichí 1988, rinneadh diagnóis ailse uirthi nach féidir a leigheas. Thaistil Mullen go dtí an Chóiré in aghaidh chomhairle a dochtúirí, ach tacaíodh a teaghlaigh agus maoirseacht leighis a sholáthair Comhairle Parailimpeach na hÉireann lei. Chaith Mullen a lán ama sa leaba i rith na gcluichí, ach ag imeacht chun bheith san iomaíocht. In ainneoin seo, bhuaigh sí an bonn óir i gcatagóir Singles Bowls na mBan. Fuair sí bás sa bhaile sa Chúlóg an 23 Lúnasa 1989, agus tá sí curtha i reilig Fhine Gall, Baile Ghrífín.<ref name=":0" />
 
== Tagairtí ==