An difríocht idir athruithe ar: "Feithideolaíocht"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Brainse bitheolaíochta a bhaineann le gach gné den staidéar ar fheithidí. Mar thoradh ar a dtábhacht, tá fo-bhrainsí ar leith sa bhfeithideolaíocht. Tá cuid de...'
 
No edit summary
Líne 1:
Brainse bitheolaíochta a bhaineann le gach gné den staidéar ar [[Feithid|fheithidí]]. Mar thoradh ar a dtábhacht, tá fo-bhrainsí ar leith sa bhfeithideolaíocht. Tá cuid de na [[Feithid|feithidí]] tairbheach do dhaoine (mar shampla, iad siúd a phailníonn [[Planda|plandaí]] bairr) ach is dochrach cuid eile acu, trí bharra a ithe nó galair fhungasacha, [[Víreas|víreasacha]], is [[Baictéar|bhaictéaracha]] a tharchur do phlandaí is daoine. Is féidir go ndéanfaidh siad dochar fíorchostasach. Pléann an fheithideolaíocht fheidhmeach eacnamaíoch le saothrú feithidicídí agus bealaí eile chun feithidí a smachtú. Sa bhfeithideolaíocht [[Míochaine|mhíochaine]], déantar staidéar ar na feithidí a iompraíonn galair cosúil le tífeas, [[maláire]], is suanghalar [[An Afraic|na hAfraice]], chun iad a smachtú. Baintear feidhm as feithidí i [[Taighde|dtaighde]] eolaíoch freisin, agus rinneadh an-dul chun cinn sa [[Géineolaíocht|ghéineolaíocht]] trí staidéar ar an gcuil torthaí [[drosophila]].
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
 
[[Catagóir:Feithideolaíocht]]