An difríocht idir athruithe ar: "Víreas"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 40:
 
== Ábhar Géiniteach ==
Bíonn an dá chineál [[aigéad núicléasach]] - idir [[aigéad dí-ocsairibeanúicléasach]] (ADN, nó DNA as [[Béarla]]) agus [[aigéad ribeanúicléasach]] (ARN, nó RNA as Béarla) - ar fáil i ríocht na víreasannavíreas, cé nach mbíonn ach aon chineál amháin in aon víreas amháin. Ceann de na heisceachtaí is ea [[citimeiglivíreas]] an duine, a bhfuil idir aigéad dí-ocsairibeanúicléasach ann, mar chroíleacan, agus aigéad ribeanúicléasach a dhéanann gnó an teachtaire ([[teachtaire ARN]]). Is féidir nach bhfuil ach aon dual amháin in aigéad núicléasach an víris, ach is féidir dó freisin go bhfuil dhá dhual ann. An cineál aigéad núicléasach atá i víreas áirithe, tá sé ag brath ar an gcineál víreas atá ann, ach is é an DNA dédhualach a bhíonn sna baictéarafagaigh de ghnáth, agus is é an tARN aondualach a bhíonn i víreasanna na bplandaí.
 
Maidir leis an oiread ábhair agus atá sa ghéanóm, bíonn sé sách éagsúil freisin. Na víreasanna is simplí, ní bhíonn siad ach milliún [[daltún (aonad)|daltún]] ar meáchan, agus níl iontu ach oideas ceithre chineál próitéine. Na cinn is mó, tá a ngéanóm céad uair níos troime ná sin, agus iad ábalta níos mó ná céad próitéin éagsúla a tháirgiú. Bíonn [[núicléitíd]]í neamhghnácha in aigéid núicléasacha na víreasanna uaireanta. Mar shampla, tá víreasanna ann a bhfuil hiodrocsaimeitilcíotóisín iontu in áit na [[cíotóisín]]e.
 
Na víreasanna víris nach bhfuil d'aigéad núicléasach acu ach an tARN, deirtear go bhfuil duail dhiúltacha nó duail dheimhneacha aigéid núicléasaigh acu. Is é atá i gceist le diúltacht nó deimhneacht an duail ná an bhaint atá aige leis an ARN a úsáidtear mar theachtaire (mRNA). Is ionann an dual deimhneach agus an teachtaire ARN, agus nuair a sháitear isteach sa chill óstaigh é, is féidir leis an gcill sin é a aistriú - an chiall a bhaint as - ar an toirt agus bun a chur le vírióin nua. Más dual diúltach atá ann, tá gá le heinsím den chineál ar a dtugtar polaiméaráis ARN leis an aigéad núicléasach a iompú go foirm atá ábalta eolas a iompar agus feidhmiú mar oideas atáirgthe.
 
Deirtear go bhfuil na géanóim dhédhualacha RNA go léir agus cuid de na géanóim aondualacha ARN roinnte ina ndeighleáin, is é sin, ina gcodanna scartha. Is féidir le gach deighleán aon phróitéin amháin a chódú, agus iad go léir le fáil in éineacht in aon caipsídeach amháin. Le go mbeadh an víreas iomlán in ann galar a iompar agus a tharraingt, ní chaithfidh na deighleáin go léir a bheith in aon vírión amháin, áfach.