An difríocht idir athruithe ar: "Kobe Bryant"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Imreoir cispheile gairmiúil Meiriceánach ab ea '''Kobe Bean Bryant''' (23 Lúnasa 197826 Eanáir 2020). Garda caithimh a...'
 
No edit summary
Líne 1:
Imreoir [[cispheil]]e gairmiúil [[Stáit Aontaithe|Meiriceánach]] ab ea '''Kobe Bean Bryant''' ([[23 Lúnasa]] [[1978]] – [[26 Eanáir]] [[2020]]). Garda caithimh a bhí ann ar an gcúirt. D'imir Bryant 20-séasúr ar fad, an t-am ar fad leis na [[Los Angeles Lakers]] san [[National Basketball Association]] (NBA). Imreoir cispheile gairmiúil leis an NBA ab ea a athair freisin agus chuaigh sé féin isteach san NBA go díreach ón ardscoil, ag baint amach cúig chraobh NBA. Áirítear é mar dhuine de na himreoirí cispheile is fearr riamh. Dar leis an iriseán ''Forbes'', bhí $350 miliún d'acmhainn aige sa bhliain 2016. Fuair sé bás ar 26 Eanáir 2020 i dtimpiste héileacaptair ina maraíodh ochtar eile, ina measc iníon leis inadarbh meascainm Gianna.
 
Rugadh Kobe do Joe Bryant agus a bhean chéile in [[Philadelphia, Pennsylvania]]. Nuair a d'éirigh a athair ón NBA thosaigh sé ag imirt chispheile san [[An Iodáil|Iodáil]], agus chaith Kobe tamall ansin agus é ag fás aníos. Ar ais i Meiriceá dó, d'fhreastail sé ar Lower Merion High School i b[[Pennsylvania]], mar ar aithníodh é mar an t-imreoir cispheile meánscoile ab fhearr sa tír.
 
 
{{síol}}