An difríocht idir athruithe ar: "Oireachtas na Gaeilge"

Content deleted Content added
m Cealaíodh athruithe 87.36.34.254 (Plé); ar ais chuig leagan le Moilleadóir
chlib amháin: Rollback
mNo edit summary
Líne 1:
Féile cultúrtha is ea '''Anan tOireachtas''' (nó '''Oireachtas na Samhna''' ). Cuireadh tús le féile aon lae i [[1897]], ceithre bliana tar éis bhunú an Chonartha i [[1893]]. Bhí an chéad Oireachtas ar an Luan, [[17 Bealtaine]] [[1897]], agus é ar siúl i Seomra Cruinn an Rotunda i m[[Baile Átha Cliath]]. Thainig meath ar an Oireachtas ag tús na 1920í agus tar éis Oireachtas na bliana 1923 ní raibh ceann eile go dtí 1939 nuair a bhí aththosú air i mBaile Átha Cliath. D'fhan sé sa phríomhchathair le linn na 1940í, 1950í agus 1960í. Chun brú a chur ar Chonradh na Gaeilge é a bhogadh amach as an nGalltacht cuireadh Oireachtas Na nGael ar bun i Ros Muc i 1970, i dTír An Fhia i 1971, i gCorca Dhuibhne i 1972 agus i gCill Chiarán i 1973. D'éirigh leis an bhfeachtas agus reáchtáladh Oireachtas Na Gaeilge 1974 i gCois Fharraige ([[Conamara]]). Ó shin ar aghaidh bíonn an tOireachtas ag bogadh suímh ó bhliain go bliain agus é ag dul ó neart go neart.
 
Eagraíonn Oireachtas na Gaeilge raon leathan imeachtaí i rith na bliana chun na healaíona dúchasacha, trí mheán na Gaeilge, a cheiliúradh. Tugtar aire do gach aon ealaín thraidisiúnta - idir amhránaíocht, cheol, rince, scéalaíocht agus dhrámaíocht - ag na féilte. féach www.antoireachtas.ie