An difríocht idir athruithe ar: "Stair na hÉireann"

Content deleted Content added
No edit summary
m Ceartaíodh nasc
Líne 11:
Cuid mhór dá bhfuil ar eolas againn faoi na Ceiltigh, tá sé bunaithe ar shaothar Poseidonios, [[fealsamh]] agus staraí Gréagach a bhreac síos tráchtas faoin ábhar in am éigin roimh [[70 RC]]. Níl fáil ar an mbunscríbhinn a thuilleadh, ach is iomaí scríbhneoir seanársa ina dhiaidh a tharraing ar a thráchtas mar fhoinse - [[Iúil Caesar]] féin, mar shampla. Ar ndóigh, is ar Cheiltigh na Mór-roinne Eorpaí a chuir Poseidonios síos, ach mar sin, faightear tagairtí aige d'fhorais agus do nósanna a dtráchtar orthu sa tseanlitríocht Éireannach agus sa mhiotaseolaíocht Ghaelach freisin: an ghéillsine, na dánta a scríobhann na [[Filíocht|filí]] in ómós dá rí, an churadhmhír a thugtar don chogaí is cróga ag na féastaí. Agus an méid sin ráite, is gá cuimhne a choinneáil air ná nach raibh sna Ceiltigh in Éirinn ar dtús ach uasalaicme os cionn chosmhuintir mór na nÉireannach réamh-Cheilteach. Is dócha gur meascadh cultúr an dá dhream trí chéile, agus go ndeachaigh teanga réamh-Cheilteach na cosmhuintire i bhfeidhm ar an nGaeilge nó ar an bpróta-Ghaeilge nuair a múnlaíodh an chéad uair mar theanga ar leith í. Fuair an [[Gaeilge|Ghaeilge]] cuid mhór focal ar iasacht ó theangacha réamh-Cheilteacha na hÉireann, ainmneacha pearsanta agus áitiúla ar a laghad.
 
Ní dhearna na sean-Rómhánaigh gabháltas ar Éirinn riamh. Sin é an phríomhchúis go bhfuil an t-eolas faoin oileán seo chomh gann agus atá sé sna foinsí Rómhánacha. Mar sin féin, scríobh [[Tolamaes (tíreolaí)|Tolamaes]] (nach ionann é agus an réalteolaí [[Tolamaes]]!), tíreolaí Gréagach ó Chathair Alastair san [[An Éigipt|Éigipt]], cuntas ar Éirinn réamh-Chríostaí. Bhí Tolamaes féin beo sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost, ach is dócha go raibh a chuid eolais traidhfil as dáta nuair a bhreac sé síos a shaothar - gur tháinig sé ón chéad aois i ndiaidh bhreith Chríost, nó go raibh sé ní ba sine fós. Cibé scéal é, luann Tolamaes áiteanna cosúil leis an m[[Bóinn]], an [[An Laoi|Laoi]], agus an t[[Sionainn]]. Thairis sin, tagraíonn sé d na ríochtaí beaga ar fud an chósta thiar, agus dealraíonn go raibh a fhios aige [[Dál Riata|Dál Riada]] freisin, is é sin, an ríocht nó an treibh Éireannach a chuir an chéad tús leis an nGaelachas in [[Albain]].
 
Cé go raibh Éire suite taobh amuigh d'[[Impireacht na Róimhe]], chuaigh an cultúr Rómhánach go mór i bhfeidhm ar na luath-Éireannaigh. Na hiarsmaí seandálaíochta ón [[An tSean-Róimh|tsean-Róimh]] a fuarthas in Éirinn, is féidir iad a aicmiú de réir na tréimhse a mbaineann siad léi. Téann an chéad ghrúpa siar go dtí an chéad agus an dara haois i ndiaidh bhreith Chríost, agus an dara grúpa go dtí an ceathrú haois agus an t-am ina diaidh. Tháinig iarsmaí an chéad ghrúpa go hÉirinn tríd na bealaí trádála, ach is dócha nach raibh an trádáil sin seanbhunaithe ná coitianta. Nuair a casadh iarsmaí an dara grúpa in Éirinn, bhí an tír i ndlúth-theagmháil leis an tsibhialtacht Rómhánach.