An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge i Meiriceá"

Content deleted Content added
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 84:
==== Colúin agus Cumainn ====
Cé nach raibh scríobh agus léamh na Gaeilge á múineadh sna Scoileanna Náisiúnta in Éirinn is léir go raibh an cumas sin ag roinnt bheag Gael-Mheiriceánach ar a laghad, go fiú i lár an 19ú haois. Ón mbliain 1857 amach bhíodh colún Gaeilge ó am go chéile ar an nuachtán ''The Irish-American'', agus ó 1869 bhí ''The Gaelic Department'' ann go rialta sa nuachtán céanna le ceachtanna gearra agus scéalta beaga i dtaobh an tseansaoil.
[[Íomhá:Boston-view-1841-Havell.jpeg|thumb|left|BostonBostún, 1841]]
 
Sa bhliain 1873 bunaíodh an ''Philo-Celtic Society of Boston'' le deis a thabhairt do dhaoine Gaeilge a fhoghlaim; cuireadh scoileanna Gaeilge ar bun ar fud an cheantair dá bharr, agus ón mbliain 1879 bhí giotaí Gaeilge le léamh go rialta ar ''The Irish World'', nuachtán eile. (An ''Boston Type Foundry'' a rinne an cló Gaelach.)