An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge i Sasana"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 7:
Bhí cainteoirí Gaeilge de gach aicme le fáil i Sasana i ndeireadh na meánaoiseanna. Bhí a lán bacach Éireannach i Sasana sa 16ú haois déag, agus ó dheireadh na haoise sin amach bhí sclábhaithe Éireannacha ag cur fúthu i [[Learpholl]], i m[[Briostó]] agus i [[Londain]].<ref name=”Camp”>{{cite web|author=Camp, Anthony|authorlink=Anthony J. Camp|teideal='The Irish in England', in ''Family Tree Magazine''|volume=19|date=2003|pages=8–10|url=http://www.family-tree.org.uk}}</ref>
 
I measc na gcainteoirí uaisle a chaith tamall i Sasana bhí beirt deartháireacha de mhuintir Nuinseann, dreamclann de chuid na Sean-GhallGhaill: Críostóir, 9ú Barún Dhealbhna, fear a scríobh bunleabhar Gaeilge don [[Eilís I Shasana|Bhanríon Eilís]], agus Uilleam, file Gaeilge a d’fhreastail, mar is eol dúinn, ar Ollscoil Oxford in 1571.<ref name=”Nua”>De Brún, Pádraig; Ó Buachalla, Breandán; Ó Concheanainn, Tomás (eag.). ''Nua-Dhuanaire: Cuid 1''. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath 1975, lch 179.</ref>
 
Bhí mórán Éireannach ina gcónaí i Londain i dtús an 17ú haois, agus Caitlicigh óga ina measc nach raibh ró-dhílis do rialtas [[Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus Éire|Shéamas I]]. Orthu sin bhí [[Máire Stíobhartach Ní Dhomhnaill]], iníon [[Brighid Nic Gearailt|Bhrighid Nic Gearailt]] agus Rudhraighe Ó Domhnaill, Iarla Thír Chonaill. Bhí sí ina cónaí i Sasana lena seanmháthair Bantiarna Chill Dara, agus in 1626, nuair a bhí sí 19 bliana d’aois, bhris sí féin agus scata cairde isteach i b[[Príosún an Tí Geata]] in Westminster chun a leasdeartháir Caifir “Con” Ó Domhnaill agus a col ceathrar Aodh Ó Ruairc a fhuascailt. D’éalaigh sí ó Londain lena leannán, fear óg darbh ainm Dualtach Ó Gallchobhair. Choisc gaoth chinn orthu imeacht ó Bhriostó chun na hÉireann agus bhí orthu an Mhór-Roinn a bhaint amach.<ref>Bagwell, Richard (1895). "O'Donnell, Mary Stuart," ''National Dictionary of Biography'', imleabhar 41, lch 446; luaitear "Addenda," ''Earls of Kildare'', lch 321.</ref>