An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge i Sasana"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 25:
==An 18ú agus an 19ú haois ==
 
Tháinig na sluaite Éireannach isteach agus neart cainteoirí Gaeilge ina measc nuair a tosaíodh ag déanamh canálacha sna 1780idí agus bóithre iarainn sa 19ú haois. Chuir níos mó Éireannach fúthu i mbailte mór tionsclaíocha in [[Lancashire]] sa chuid deiridh den 18ú haois ná in aon chontae eile. Mealladh a lán Éireannach chun [[Birmingham]] i lár an 1820idí agus borradh mór faoin tionsclaíocht ann.

Bhí teaghlaigh mhóra de chainteoirí Gaeilge ann agus cuid mhaith acu ó na ceantair chéanna dei g[[Contae Mhaigh Eo|Chontae Mhaigh Eo]], de [[Contae Ros Comáin|Chontae Ros Comáin]], de [[Contae na Gaillimhe|Chontae na Gaillimhe]] agus de [[Contae Shligigh|Chontae Shligigh]]. Ba I Manchain b’ÉireannaighÉireannaigh iad an séú cuid de na cinn teaghlaigh i Manchain faoi 1835. Faoi na 1830idí bhí cainteoirí Gaeilge le fáil i Manchain, i nGlaschú agus sna bailte móra ba mhó sa Bhreatain Bheag Theas. Bhí cainteoirí Gaeilge ó Chontae Ros Comáin, ó Chontae na Gaillimhe agus ó Chontae Mhaigh Eo in Stafford ó na 1830idí amach.<ref name=”Camp”/>
Tháinig na sluaite ó Éirinn go dtí Sasana, an Bhreatain Bheag agus Albain de thoradh an [[Gorta Mór|Drochshaoil]] (1845-52). Tháinig mórán acu ó [[Contae Mhaigh Eo|Chontae Mhaigh Eo]], Contae Chorcaí, Contae Phort Láirge agus Contae Luimnigh go dtí Learpholl, Briostó agus bailte móra sa Bhreatain Bheag Theas agus in Lancashire, agus chuaigh siad go Londain go minic. Chuaigh naibhithe ag obair ar na bóithre iarainn. Tá tuairiscí ar phobail Ghaeilge i gceantair de Learpholl i rith an Drochshaoil. <ref>Nic Craith, Máiréad; Leyland, Janet, ‘The Irish language in Britain: A case study of North West England,’ ''Language, Culture and Curriculum'', Volume 10, Issue 3, 1997, pp. 171-185. DOI: 10.1080/07908319709525250</ref> Is iomaí cainteoir Gaeilge as Cúige Mumhan a bhí le fáil i measc na n-imirceach go Londain agus gan Béarla ar bith ag mórán de na mná, nó an cúpla focal ag cuid acu. Bhí timpeall 100,000 Éireannach tagtha go Londain faoi 1851.<ref name=”Camp”/>
 
== An 20ú haois ==