An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge i Sasana"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
→‎An 18ú agus an 19ú haois: Giorrú ar son gontachta
Líne 29:
Bhí teaghlaigh mhóra de chainteoirí Gaeilge ann agus cuid mhaith acu ó na ceantair chéanna i g[[Contae Mhaigh Eo]], [[Contae Ros Comáin]], [[Contae na Gaillimhe]] agus [[Contae Shligigh]]. Ba Éireannaigh iad an séú cuid de na cinn teaghlaigh i Manchain faoi 1835. Faoi na 1830idí bhí cainteoirí Gaeilge le fáil i Manchain, i nGlaschú agus sna bailte móra ba mhó sa Bhreatain Bheag Theas. Bhí cainteoirí Gaeilge ó Chontae Ros Comáin, ó Chontae na Gaillimhe agus ó Chontae Mhaigh Eo in Stafford ó na 1830idí amach.<ref name=”Camp”/>
Tháinig na sluaite ó Éirinn go dtí Sasana, an Bhreatain Bheag agus Albain de thoradh an Drochshaoil (1845-52). Tháinig mórán acu ó [[Contae Mhaigh Eo|Chontae Mhaigh Eo]], Contae Chorcaí, Contae Phort Láirge agus Contae Luimnigh go dtí Learpholl, Briostó agus bailte móra sa Bhreatain Bheag Theas agus in Lancashire, agus chuaigh siad go Londain go minic. Chuaigh naibhithe ag obair ar na bóithre iarainn. Tá tuairiscí ar phobail Ghaeilge i gceantair de Learpholl i rith an Drochshaoil. <ref>Nic Craith, Máiréad; Leyland, Janet, ‘The Irish language in Britain: A case study of North West England,’ ''Language, Culture and Curriculum'', Volume 10, Issue 3, 1997, pp. 171-185. DOI: 10.1080/07908319709525250</ref> Is iomaí cainteoir Gaeilge as Cúige Mumhan a bhí le fáil i measc na n-imirceachtháinig go Londain agus gan Béarla ar bith ag mórán de na mná, gan Bhéarla gan ach an cúpla focal ag cuid acu. Bhí timpeall 100,000 Éireannach tagtha go Londain faoi 1851.<ref name=”Camp”/>
 
== An 20ú haois ==