An difríocht idir athruithe ar: "Máirtín Ó Direáin"

Content deleted Content added
m Mílitriú ar "sé" agus "post"
m níos déanaí in ionad níos deireanaí
Líne 13:
| céile = Áine Colivet (b. 1976)
}}
In [[oileáin Árann|Árainn]] a tógadh '''Máirtín Ó Direáin'''. Rugadh i bhFearann a' Choirce ar [[Inis Mór]] é i [[1910]], agus tar éis dó an scoil a fhágáil chaith sé tamall de bhlianta ag obair mar chléireach in ardoifig an phoist i n[[Gaillimh]]. Ba bhall de [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]] é, agus chaith sé seal mar rúnaí air. Bhí se ina aisteoir in amharclann náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, ó [[1928]] go [[1937]]. Bhog sé leis go [[Baile Átha Cliath]] níos deireanaídéanaí, áit ar thosaigh sé ag scríobh agus 28 bliain slánaithe aige. Bhí baint aige le Cumann na Scríbhneoirí ó thús ann. Fuair sé post sa Roinn Oideachas, mar chláraitheoir do Choláiste Náisiúnta na nEalaíon.
 
D´fhoilsigh sé a chéad chnuasach [[filíocht]]a,''Coinnle Geala'', i [[1942]], agus lean sé air ag cumadh filíochta anuas go dtí na hochtóidí. Scríobh sé cnuasach gearrscéalta freisin, ''Feamainn Bhealtaine'', a chuir a shaothar in aithne dos na mílte dalta scoile. Is minic a thráchtann sé ar bhéasa is ar áilleacht oileán Árann is ar an meath a tháinig ar an saol traidisiúnta sin i mblianta deireanacha an fichiú h-aois. I [[1952]] d'aistrigh sé dráma leis an dramadóir Éireannach Teresa Deevy le haghaidh [[Raidió Telefís Éireann|Radio Eireann]] ón leagan Béarla ''The King of Spain's Daughter'' don leagan Gaeilge '''Iníon Rí na Spáinne'''. Bhuaigh se móran duaiseanna liteartha agus ba bhall d'[[Aosdána]] é. Rinneadh clár fáisnéise faoina shaol is a shaothar ''An Charraig Stoite'' sa bhliain [[2003]] maoinithe ag [[TG4]]/[[Fís Éireann|Bord Scannán na hÉireann]], scríofa ag [[Alan Titley]] agus leirithe is stiúrtha ag Mac Dara Ó Curraidhín.