An difríocht idir athruithe ar: "Carrac"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Breis ábhair
Líne 1:
[[File:Holbein - Ausfahrendes Schiff.png|thumb|clé|180px|Carrac beag ón 16ú haois]]
[[Íomhá:NaoVictoria.JPG|deas|200px|thumb|Carrac]]
[[File:Portuguese Nau.png|thumb|180px|''Nau'' mór Portaingéalach de chuid an 16ú haois]]
Forbairt ar an [[Carbhal|gcarbhal]] [[An Phortaingéil|Portaingéileach]] sa [[15ú haois|15ú céad]], le seolta cearnacha chomh maith le seolta laidineacha.
 
Long seoil a raibh trí nó ceathair de chrainn inti ba ea an '''carrac''' agus í ag teacht chun cinn sa 14ú agus sa 15ú haois san Eoraip, go háirithe sa Phortaingéil. Fáisceadh as an gcoga í agus baineadh feidhm aisti ar dtús chun trádáil sa limistéar Eorpach idir an Mheánmhuir agus an Bhailti. Ba ghearr go raibh sí á húsáid chun gabháil idir an Eoraip, an Afraic agus Meiriceá. Ón gcuid deiridh den 15ú haois bhí na leaganacha ba nua di ag trádáil idir an Eoraip agus an Áise sular tháinig an [[gaileon]] (long a cumadh sa 16ú haois) ina hionad sa 17ú haois.
{{Fréamh an Eolais}}
 
{{síol}}
Bhí an carraic dhéanacha ina longa plainc a raibh acmhainn farraige acu de bharr a dtoirte agus slí iontu do lasta trom agus do lón mór. Bhí coirneoga ar an gcrann tosaigh agus ar an gcrann mór acu agus seol laidineach acu ar an gcrann deiridh. Bhí deireadh ard cruinn agus caiseal mór deireadh acu, agus crann spreoide ar an stuimine os comhair caiseal ard cinn. Bhí a rian le haithint ar na longa a lean í ar feadh na gcéadta bliain.<ref>{{cite book |title=The History of Shipwrecks |first=A. |last=Konstam |year=2002 |location=New York | publisher=Lyons Press |pages=77–79 |isbn=1-58574-620-7}}</ref>
 
[[File:Galleys and carracks in battle.jpg|thumb|Comhrac idir carraic agus rámhlonga]]
[[File:Four-master and Two Three-masters Anchored near a Fortified Island from The Sailing Vessels MET DP102238.jpg|thumb|Carraic a bhfuil trí chrann nó ceithre chrann iontu agus iad ar ancaire in aice le hoileán daingnithe]]
 
== Forbairt ==
Sna meánaoiseanna déanacha bhí an [[coga]] agus longa eile dá leithéid le feiceáil go forleathan feadh chóstaí Iarthar Eorpa. Bhí rámhlonga coitianta sa Mheánmhuir in éineacht le longa dhá chrann, leithéidí an charbhail lena seolta laidineacha. Chruthaigh na Portaingéalaigh an carrac as gnéanna difriúla de na longa úd agus as longa san Atlantach. Bhain siad úsáid as rigín nua a d’oir do thonnta móra agus do ghaoth gharbh an Atlantaigh agus as cabhail a d’iompródh lasta níos troime. Chuir sin ar a gcumas dul ag trádáil níos faide ó dheas feadh chósta Atlantach an hAfraice agus ina dhiaidh sin dul go dtí an India, an tSín agus an tSeapáin. Bhí na carraic Phortaingéalacha an-mhór lena linn agus iad os cionn 1,000 tonna go minic.<ref>{{cite book |last=Braudel |first=F |title=The Structures of Everyday Life |url=https://archive.org/details/structuresofever01brau |url-access=registration |year=1979 | page=[https://archive.org/details/structuresofever01brau/page/423 423] | ISBN=0060148454}}</ref>
 
Bhí sé sheol ag an ngnáthcharrac (nau i bPortaingéilis): seol spreoide, seol cinn, seol mór, dhá sheola uachtair agus seol laidineach.
 
==San Áise==
Ón mbliain 1498 amach bhí an Phortaingéil ag trádáil leis an India, agus le tíortha Áiseacha ina dhiaidh sin, trí Bhealach na Rinne, turas a mhair timpeall sé mhí agus nach bhféadfaí a dhéanamh ach le longa móra, leithéidí an charraic.
Dhéanadh timpeall ceithre charrach ór a thabhairt go [[Goa]] chun spíosraí, go háirithe piobar, agus earraí eile a cheannach. Théadh carrac amháin ó Goa go Sín an Ríora Ming chun síoda a cheannach. Ón mbliain 1541 amach bhí na Portaingéalaigh ag trádáil leis an tSeapáin, ag malartú síoda ón tSín ar airgead Seapánach. In 1550 thosaigh an rialtas ag cur an turas go dtí an tSeapáin ar ceant, rud a thug saincheart trádála do charrac amháin gach bliain. In 1557 shealbhaigh an Phortaingéil [[Macau]] chun tairbhe a bhaint as an trádáil Sheapánach i bpáirt leis na Sínigh. Lean an trádáil sin gan bhriseadh, mórán, anuas go dtí 1638, nuair a choisc rialtas an Seapáine í agus iad á mhaíomh go raibh na longa ag tabhairt sagart isteach faoi rún. Thugadh na Seapánaigh "longa dubha" ar na carraic, ainm a thabharfaí feasta ar longa Iartharacha i gcoitinne.
 
==Gallery==
<gallery mode="packed" heights="200px" style="float:left;">
File:Frol de la mar in roteiro de malaca.jpeg|An carrac (''nau'') ''Frol de la Mar'' (a láinseáladh in 1501 or 1502), in "Roteiro de Malaca" ón 16ú haois.
File:Carrack Madre de Deus.jpg|Mionsamhail den charrac ''[[Madre de Deus]]'' i Músaem Muirí Liospóin. Bhí sí ar an long ba mhó ar domhan lena linn agus seacht ndeic inti.
File:Carrack 1565 (cropped).jpg|Carrac Portaingéalach ar léarscáil a rinneadh in 1565
File:NanbanCarrack.jpg|Pictiúr Seapánach de charrac Portaingéalach nó ''kurofune'' (long dhubh)
</gallery>
{{síolclear}}
 
== Naisc ==
* [[Gaileon]]
* [[Long fhada na hÉireann]]
 
== Nótaí ==
{{reflist}}
 
== Le léamh ==
* {{cite book |last=Kirsch |first=Peter |title=The Galleon |year=1990 |location= |publisher=Conway Maritime Press |isbn=0-85177-546-2 }}
* {{cite book |year=2008 |first=V. Sankaran |last=Nair |title=Kerala Coast: A Byway in History. (Carrack: Word Lore) |location=Trivandrum |publisher=Folio |isbn=978-81-906028-1-5 }}
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.in-arch.net/Sqrigg/squrig.html Forbairt na Loinge Coirneoige: ''ón gcarrac go dtí an long faoi lánrigín'']
* [http://repository.tamu.edu/bitstream/handle/1969.1/86071/Wells.pdf Samhaltú carraic Phortaingéalaigh]
 
[[Catagóir:Seoltóireacht]]
[[Catagóir:Stair]]