An difríocht idir athruithe ar: "Buamáil La Mon (1978)"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Phleasc buama loiscneach i mbialann '''La Mon''' i mBéal Feirste, ar an 17 Feabhra 1978. Maraíodh 12 agus gortaíodh 30, dói...'
(No difference)

Leagan ó 13:55, 17 Feabhra 2020

Phleasc buama loiscneach i mbialann La Mon i mBéal Feirste, ar an 17 Feabhra 1978. Maraíodh 12 agus gortaíodh 30, dóite go holc an chuid is mó.

Pléasc

Bhí dinnéar bliantúil an Irish Collie Club ar siúl i dTeach La Mon taobh amuigh de Bhéal Feirste. Nuair a bhí an oíche faoi lán seoil tháinig meitheal, nó ball amháin den IRA, d’fhág buama a bhí ceangailte le cannaí peitril ar leac na fuinneoige agus d’imigh leis.

Tugadh foláireamh a bhí easnamhach; ní raibh go leor ama ag na daoine taobh istigh imeacht ón mheall tine a ruaig an teach itheacháin.

Dódh dáréag go bás – Protastúnaigh iad uilig, trí lánúin phósta agus seachtar ban ina measc – agus gortaíodh 23 duine eile go dona.

Tagairtí