An difríocht idir athruithe ar: "Elton John"

Content deleted Content added
beagán sa bhreis
No edit summary
Líne 6:
ainm_eile = |
breith = [[25 Márta]], [[1947]] |
bunús = [[Pinner]], [[Londain]] |
bás = |
áit_bháis = |
Líne 17:
idirlíon = [http://www.eltonjohn.com EltonJohn.com]|
}}
Is amhránaí, pianódóir agus cumadóir [[Sasana]]ch é '''Sir Elton Hercules John''' (a rugadh ar an [[25 Márta]], [[1947]]), a bhfuil rath agus omós domhanda bainte amach aige le níos mó ná 450 milliúin ceirnín díolta aige. Tá 30 albam seolta aige lena chomhoibrí cumadóireachta - an liriceoir [[Bernie Taupin]] - ón bhliain 1967 i leith.
 
Saolaíodh Elton John i b[[Pinner]], baile beag den lucht oibre in iarthuaisceart na príomhchathrach. Bhí dúil mhór aige sa cheol ón chliabhán agus d'fhoglaim sé a cheird ar phianó an tí. Agus an bhliain 1962 ann, chuaigh sé isteach ina chéad banna - grúpa rithim agus na gormacha darbh ainm [[Bluesology]]. Sa bhliain 1967, bhuail lena dhlúthchara agus comhchumadóir fad téarmach [[Bernie Taupin]] tar éis mír sa nuachtán ag lorg cumadóiri. Réitigh an bheirt lena chéile ón tús agus chaitheadar dhá bhliain ag cumadh amhrán d'amhránaithe amhail [[Lulu]]. Le linn na tréimhse céanna, bhí se thar a bheith gníomhach mar phianódóir ar ceirníní móra na seascaidí ([[The Hollies]] agus araile).
 
Scaoil John a chéad albam mar cheoltóir aonair ([[Empty Sky]]) sa bhliain 1969, agus b'é an rian "[[Your Song]]" óna dara halbam ([[Elton John (albam)|Elton John]]) a shroich barr na gcairteacha sa bhliain ina dhiaidh. Chuaigh John i gcion ar ghlúin éagsúla nua sna 1990idí mar thoradh ar fhuaimrian an cartúin de chuid [[Disney]] [[The Lion King]] agus na ceoldrámaí [[Aida]] agus [[Billy Elliot the Musical]]. Tá iliomad duaiseanna buaite aige thar na blianta - [[Grammy]], [[Duais Tony|Tony]] agus Disney Legend.
 
Fear aerach pósta atá ann. Phós sé [[David Furnish]] sa bhliain 2005 agus tá beirt clainne uchtaithe acu. Taobh amuigh den cheol, is fear mór peile é le fada an lae, agus na blianta caite aige ina chathaoirleach ar a chumann áitiúil [[Watford F.C.|Watford FC]]. Bronnadh uachtarántacht oinigh air sa bhliain 2005.
== Dioscliosta ==