An difríocht idir athruithe ar: "Rojava"

Content deleted Content added
No edit summary
Ag baint Kurdish-ypg-fighters.jpg amach, scrios Taivo é ón Chómhaoin mar: Failed license review; non-free license (F4): [[:c:Commons:Deletion requests/File:Kurdish-
Líne 9:
I 2004, bhí cluiche sacair i g[[Qamişlo]] idir foireann Coirdíneach agus foireann Arabach. D'ardaigh na gártha frith-Choirdíneacha ón slua Arabach. D'fhreagair an slua Coirdíneach le gártha Coirdíneacha. D'ionsaigh an slua Arabach an slua Coirdíneach. Thug na póilíní agus an t-arm Siriach tacaíocht leis an slua Arabach agus scaoil siad 8 nduine gCoirdíneach. Rinne daoine Coirdíneacha agóid, agus scaoil na póilíní agus an t-arm Siriach an slua Coirdíneach arís. Fuair timpeall 40 duine Coirdíneach bás, agus gabhadh na céadta. Seo é an Éirí Amach Qamişlo.
 
 
[[Íomhá:Kurdish-ypg-fighters.jpg|deas|mion|Saighdiúirí YPG]]
Tar éis an Éirí Amach Qamişlo, chinn go leor daoine Coirdíneacha gurb gá iad féin a chosaint. Forbraíodh forsaí beaga cosanta. I 2011-2, bunaíodh na h[[Aonaid Chosain Muintire]] (Coirdis: ''Yekîneyên Parastina Gel'', '''YPG''') mar fhorsa cosanta eagraithe. I 2013, bunaíodh na h[[Aonaid Chosain Ban]](Coirdis: ''Yekîneyên Parastina Jin'', '''YPJ''') mar fhorsa chosain na mban. Throid an YPG agus YPJ le [[Stát Ioslámach]] agus [[Jabhat al-Nusra]]. Faoi 2015, bhí ceannas ag an YPG agus YPJ ar na trí chantún Rojava. I 2015, bunaíodh na [[Forsaí Daonlathacha Siriacha]] mar chomhaontas idir an YPG/J agus mílístí Arabacha agus ó mhionlaigh eitneacha eile. Reáchtálann na FDS [[Tuaisceart na Siria]] mar [[Cónaidhm Daonlathach na Siria Thuaidh|Chónaidhm Daonlathach Tuaisceart na Siria]] (CDTS, Coirdis: Federaliya Demokratîk a Bakûrê Sûriyê; Araibis:الفدرالية الديمقراطية لشمال سوريا). Idir 2015 agus 2017, fuair na FDS bua ar an Stát Ioslámach i dTuaisceart na Siria.