An difríocht idir athruithe ar: "Tomás Mac Gearailt, 10ú hIarla Chill Dara"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
→‎Saol: Athcheartú
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 4:
 
==Saol==
Chaith Tomás Mac Gearailt cuid mhaith dá luath-shaol thall in Sasana. Cé gur chol ceathracha iad a mháthair Elizabeth Zouch agus [[Anraí VII Shasana|Rí Anraí VII na Breataine]], ba bheag an mhaith é sin chun an caidreamh corrach idir Anraí agus na Gearaltaigh a leigheas. Nuair a ordaíodh dá athair Gearóid Óg dul go Londain chun dul os comhair an Rí, ceapadh Tomás ina Leas-Ionadaí san idirlinn.
 
Gríosaíodh chun gnímh é i mí an Mheithimh na bliana 1534 nuair a chuala sé ráflaí gur básaíodh a athair i d[[Túr Londan]] agus go mbeadh an pionós céanna i ndán dó féin agus do dheartháireacha a athar. Chuaigh sé chun [[Baile Átha Cliath]] agus céad is daichead marcach leis a raibh frainse síoda ar a gclogaid, rud a d’fhág “Tomás an tSíoda” air mar leasainm. Thionóil Tomás an Chomhairle i Mainistir Mhuire ar an 11 Meitheamh agus thréig a dhílseacht don Rí.