An difríocht idir athruithe ar: "Tuathal Balbh Ó Gallchóir"

tiarna Éireannach sa 16ú haois
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'Fear ar leith ab ea '''Tuathal Balbh Ó Gallchóir''' mar laoch. Bhí sé ar na daoine ba chumhachtaí de mhaithe Thír Chonaill sa 16ú haois agus deir na hAnnála gur...'
(No difference)

Leagan ó 07:58, 20 Feabhra 2020

Fear ar leith ab ea Tuathal Balbh Ó Gallchóir mar laoch. Bhí sé ar na daoine ba chumhachtaí de mhaithe Thír Chonaill sa 16ú haois agus deir na hAnnála gur shaoi é. Murab ionann is formhór thiarnaí na hÉireann, ghéill sé do theagasc na hEaglaise i dtaca le dortadh fola, cé gur iomaí cath a raibh sé páirteach iontu. B’fhearr leis bránna (i.e. gialla) a thabhairt leis ná ár a dhéanamh. Chuaigh seanmóir bráthar go mór i bhfeidhm ar Thuathal Balbh agus é óg, más fíor do na hAnnála, agus chloígh sé leis an teagasc sin go deireadh a shaoil. Fuair sé bás ar an 1 Feabhra 1541.

Bhí muintir Ghallchóir le fáil timpeall Ráth Bhoth agus Thír Aodha in oirthear Dhún na nGall agus ba iad lucht tí na nDomhnallach iad. Bhí baint ag príomhchraobh na muintire le Baile na Glaice.[1]

(Annála na gCeithre Máistrí, 1541) Tuathal Balbh mac Sheáin mhic Ruairí Uí Ghallchobhair, saoi duine a bhí ar theannmhaithibh oireachta Thíre Conaill a d'éag (1 Februarii), fear ba mhaith gal agus gaisce gan go marbhadh nó go mudhadh daoine, mar ní dheachaigh sé i dtroid nó i dtachar nach mbíodh bránna leis. Ba sea faoi deara dó sin go raibh sé araile aimsir ina óige ag éisteacht le seanmóir agus le proiceipt bráthar sonrach do bhráithribh Dhúin na nGall, agus do chuala á phriodchadh nár mhaith do rochtain fochraige daoine do mharbhadh ná dortadh a bhfola, gonadh aire sin do chinn sé ina mheanmain gan goin duine, agus do chomhaill de ghréas insan gcéin do ba bheo.[2]

Nótaí

  1. MacLysaght, Edward (1957). "Irish Families, Their Names, Arms and Origins": 153–154. Dublin: Hodges, Figgis & Co. 
  2. CELT: The Corpus of Electronic Texts: Annála na gCeithre Máistrí, M1541.5: https://celt.ucc.ie/published/G100005E/index.html