An difríocht idir athruithe ar: "Máire Stíobhartach Ní Dhomhnaill"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Ceartú
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Breis eolais
Líne 7:
D’fhill a máthair Brighid ar Éirinn léi in 1609 agus bhí siad ina gcónaí ag Maigh Nuad ar thailte Mhic Gearailt i g[[Contae Chill Dara]] go dtí 1619, nuair a dúradh leo teacht ar ais chun Sasana. Thug an Rí spré mhór do Mháire agus cuireadh faoi chúram a sheanmháthar, Bantiarna Chill Dara, í.<ref name="dnb">Bagwell, Richard (1895). "O'Donnell, Mary Stuart," ''National Dictionary of Biography'', imleabhar 41, lch 446; luaitear "Addenda," ''Earls of Kildare'', lch 321.</ref>
Rinne seanmháthair Mháire iarracht ar bhean uasal Shasanach a dhéanamh di. Dúirt sí le Máire go bhfágfadh sí a hoighreacht mhór féin aici agus go dtabharfadh sí fear céile di. Bhí doicheall ar Mháire roimh an bhfear céanna toisc gurbh Éireannach é a d’iompaigh ina Phrotastúnach. (B’fhéidir, freisin, go raibh sí mór cheana le fear óg eile, Dualtach Ó GallchobhairGallchóir.)<ref name="dnb"/>
 
[[File:Gatehouse Prison, Westminster.JPG|thumb| Príosún an Tí Geata mar a bhí sé san 18ú haois sular leagadh é.]]
Bhí muintir a máthar buartha go mór toisc go raibh sí ag éirí mór le hÉireannaigh óga Chaitliceacha i [[Londain]] a bhí mídhílis don rialtas. I samhradh na bliana 1626, nuair a bhí Máire timpeall 19 bliana d’aois, bhris sí féin agus scata cairde isteach i b[[Príosún an Tí Geata]] agus d’fhuascail a leasdeartháir Cathbharr Ó Domhnaill agus a col ceathrar Aodh Ó Ruairc, beirt a cuireadh i ngéibheann toisc gur dhiúltaigh siad éirí as an éileamh a bhí acu ar thailte plandáilte i m[[Bréifne]] Thiar.<ref name="dnb"/>
 
Fuarthas amach gurb ise a bhí ann agus ordaíodh di teacht i láthair na cúirte ríoga. Thogair sí éalú ó Londain i ndeireadh na bliana 1626. Chuaigh sí ar fán, duibhléid agus buataisí uirthi agus claíomh ar iompar aici, agus faoi dheireadh bhain sí Briostó amach. Bhí bean choimhdeachta faoi bhréagriocht léi darbh ainm Anne Baynham, agus "gentilhomme son parent"<ref name="dnb"/> (gaol d’fhearduine uasal a bhí ina ghaol léi), arbh é Ó GallchobhairGallchóir é, de réir cosúlachta.<ref name="dnb"/>
 
Bhí barúil acu i mBriostó gur bhean í, ach (más fíor do scríbhneoir Spáinneach) thug sí breab do ghiúistís, thairg sí comhrac aonair a throid agus bhí ag suirí go díograiseach le cailín. Rinne an triúr dhá iarracht ar Éire a bhaint amach ach séideadh an long ar ais go dtí an Severn. Chuaigh siad ar bord long Ísiltíreach agus tugadh go [[La Rochelle]] iad. D’fhan Máire in éide fir agus chuaigh ag suirí (más fíor) le bean eile in [[Poitiers]].<ref name="dnb"/>
 
[[File:Brussel.1610.a.jpg|thumb|left|Radharc ar an mBruiséil, c. 1610]]
Nuair a bhain Máire [[an Bhruiséil]] amach i Mí Eanáir 1627 chuir an Pápa litir chomhghairdeachais chuici. Ba ghearr gur chuir sí olc ar an deartháir ba shine aici, Aodh Ó Domhnaill, 2ú hIarla Thír Chonaill, duine nár casadh uirthi cheana, nuair a lean sí uirthi ag imeacht in éide fir agus a dhiúltaigh Seán Ó Néill, 3ú hIarla Thír Eoghain, a phósadh. Bhí Aodh tar éis cabhair a iarraidh ar an Ardeaspag [[Flaithrí Ó Maolchonaire]] chun aighneas idir muintir Dhomhnaill agus muintir Néill a réiteach chun go ndéanfaí Éire a ionradh in 1629. Ba é an tArdeaspag a shocraigh go bpósfadh Máire Seán Ó Néill. Ach d’éirigh sí torrach agus d’fhág sí féin agus Ó GallchobhairGallchóir an Bhruiséil faoi smál in 1629.
 
Bhain siad [[an Róimh]] amach in 1630. Moladh Máire mar iníon Rughraidh Uí Dhomhnaill nár mhair, agus thug an Eaglais áit chónaithe agus airgead dóibh. Phós an bheirt agus rug sí buachaill in [[Genoa]].<ref>Casway, Jerrold I. (2004). "O'Donnell, Lady Mary Stuart (b. 1607?, d. in or after 1639)". ''Oxford Dictionary of National Biography'' (ar-líne). Oxford University Press.</ref>
 
I Mí Feabhra scríobh sí chun an Chairdinéil Barberini á rá go raibh súil aici le leanbh eile. Chuaigh siad go dtí an Ostair, mar ar ceapadh Ó GallchobhairGallchóir mar chaptaen san Arm Impiriúil, ach maraíodh é an bhliain chéanna sa [[An Cogadh Tríocha Bliain|Chogadh Tríocha Bliain]]. Ba ghearr ina dhiaidh sin go bhfuair an dara leanbh aici bás.<ref name="dnb"/> Bhí cumha mhór uirthi agus bhí sí fós in achrann lena muintir, agus shiúil sí an Eoraip arís sular chuir sí fúithi sa Róimh, áit ar phós sí captaen bocht cabhlaigh in 1639. Níl eolas ar a beatha ina dhiaidh sin.
 
== Naisc ==
Líne 33:
[[Catagóir:Uaisleacht Éireannach]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1607]]
[[Catagóir:Éireannaigh mná sa 17ú haois]]