An difríocht idir athruithe ar: "John Wyndham"

Content deleted Content added
Líne 39:
 
Sa [[leabhar]] ''The Day of the Triffids'', tá an cine daonna ag brath ar na "trifidí", sórt [[planda|plandaí]] géin-ionramháilte a bhfuil [[nimh]] iontu agus iad in ann pairilis a chur ar an duine agus é a dhíleá is a ithe. Tálann na trifidí ola úsáideach, agus slí bheatha thábhachtach is ea feirmeoireacht na dtrifidí ar fud an domhain. Go tobann, buaileann cith dreigí an Domhan, agus fágann [[solas]] aisteach na ndreigí an cine daonna ar fad gan radharc súl, amach ón dornán nach bhfaca na dreigí. Nuair nach bhfuil aon duine ag tabhairt aire do na trifidí a thuilleadh, tá deis acu éalú leo as na [[feirm]]eacha agus na daoine a ionsaí.
 
Feirmeoir trifidí é Bill Mason, laoch an úrscéil, agus é ina luí san ospidéal i dtús an scéil agus é tar éis radharc a shúl a chailleadh go sealadach tar éis ionsaí a rinne trifid amháin air roimhe sin. Mar sin ní fhaca sé a dhath de na dreigí, agus dá réir sin níor chaill sé a radharc go buan, mar a tharla dóibh siúd a bhreathnaigh ar na dreigí. Fágtar an saol ar fad ina chíor thuathail agus na trifidí ag déanamh ionsaithe ar na daoine dalla, ach san am chéanna tá grúpaí éagsúla ag iarraidh inneall éigin a chur ar an tsochaí arís. I ndeireadh an scéil caithfidh Bill agus an teaghlach atá curtha ar bun aige i ndiaidh na tubaiste éalú go hInis Iocht le teacht slán ón dream míleatach atá ag sealbhú na mórthíre.
 
[[Scannán]]aíodh an t-úrscéal seo an chéad uair sa bhliain 1962. Bhí léiriú [[teilifís]]e de le feiceáil ar an m[[BBC]] sa bhliain 1981 don chéad uair.