An difríocht idir athruithe ar: "Ceatharlach"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 22:
 
Creideann daoine áirithe gur cheart ''Ceatharloch'' ("ceathair loch" nó "''quadruple lake''")<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Irish place names|url=https://www.worldcat.org/oclc/31374712|publisher=Gill and Macmillan|date=1994|location=Dublin|oclc=31374712|coauthors=Flanagan, Laurence.|author=Flanagan, Deirdre, -1984.}}</ref> a thabhairt ar an áitreabh, ós rud é go bhfuil na bríonna "''four''" agus "''lake''" an Bhéarla ag gabháil leis na focail sin sa Nua-Ghaeilge. Déantar aistriúchán díreach (lochtach) ar na focail mar "''Four Lakes''", cé nach bhfuil aon fhianaise ann gurbh ann do na lochanna sin sa cheantair.
 
== An Ghaeilge ==
Le linn an 19ú aois labhraíodh Gaeilge i ngach contae i g[[Cúige Laighean]], a bhfuil [[Contae Cheatharlach]] mar chuid dóibh. Bhí an Ghaeilge a labhraíodh i gContae Cheatharlach mar chuid de lárchanúint a chuaigh ó iarthar Chonnacht chomh fada le hinbhear na Life. Bhí saintréithe aici nach bhfuil ach le feiceáil i nGaeilge Chonnacht inniu. Cuireadh an béim ar an gcéad siolla ag tús an fhocail, agus tugadh tosaíocht (de réir roinnt logainmneacha) don fhoghraíocht ''cr'' san áit ina bhfuil ''cn'' le feiceáil sa litriú caighdeánach. Sampla ó Cheatharlach is ea ''Crukeen'' (Cnoincín). <ref>{{Luaigh foilseachán|title=Stair na Gaeilge in ómós do Pádraig Ó Fiannachta|url=https://www.worldcat.org/oclc/33101296|publisher=Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Phádraig|date=1994|location=Maigh Nuad|oclc=33101296|coauthors=McCone, Kim., Ó Fiannachta, Pádraig., St. Patrick's College (Maynooth, Ireland). Roinn na Sean-Ghaeilge.}}</ref>
 
Inniu, tá iarrachtaí faoi lánseoil chun úsáid na Gaeilge i gCeatharlach a fhorbairt faoi choimirce na heagraíochta '''Glór Cheatharlach'''. Tá Gaelscoil (bunoideachas) agus Gaelcholáiste (oideachas dara leibhéal) i gCeatharlach, a bhfuil a n-acmhainn iomlán bainte amach acu, mar aon le Naíonra lan-Ghaeilge. Tá dianchúrsa samraidh do dhaltaí ó scoileanna lán-Bhéarla freisin. Deirtear go labhraítear níos mó Gaeilge i gCeatharlach ná i roinnt ceantair Gaeltachta.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.carlowlive.ie/news/home/420051/bilingual-town-carlow-steps-up-efforts-to-become-landmark-irish-language-destination.html|teideal='Bilingual town': Carlow steps up efforts to become landmark Irish language destination|work=www.carlowlive.ie|dátarochtana=2020-02-25}}</ref><ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/gaeil-cheatharlach-ag-iarraidh-stadas-a-bhaint-amach-mar-bhaile-datheangach/|teideal=Gaeil Cheatharlach ag iarraidh stádas a bhaint amach mar bhaile dátheangach|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2020-02-25}}</ref>
 
== Meáin ==
Bunaíodh an nuachtán [[:en:Carlow_Nationalist|Carlow Nationalist]] sa bhliain 1883. Is nuachtán seachtanúil saor in aisce ''The Carlow People''.
 
 
== Tagairtí ==