An difríocht idir athruithe ar: "John Wyndham"

Content deleted Content added
Líne 45:
 
Sa bhliain 2001, d'fhoilsigh an scríbhneoir Simon Clark an t-úrscéal leantach ''The Night of the Triffids'', ag tabhairt cur síos ar fhorbairt an tsaoil i ndiaidh imeachtaí an bhunleabhair de réir a shamhlaíochta féin.
 
=== ''The Kraken Wakes'' ==
 
Is é an ''kraken'' a luaitear i dteideal an leabhair ná arrachtach farraige an bhéaloidis Lochlannaigh - ''kraken'' sa leagan ''bokmål'' den Ioruais, ''krakjen'' sa leagan ''nynorsk'' - ach is meafar é an t-arrachtach seo don bhagairt atá ann. I dtús báire tá caora tine, ar spásbháid naimhdeacha iad, ag titim anuas ón spéir, ach má tá, níl siad ag ionsaí an chine dhaonna go díreach - tá siad ag dul i dtóin phoill. Is é an tátal a bhaineann na heolaithe as seo gur tháinig na neacha eachtardhomhanda seo ó phláinéad éigin a bhfuil an t-aerbhrú i bhfad níos mó air ná ar an Domhan, agus nach dtig leo maireachtáil ach amháin ar ghrinneall na mara. Is é is toradh don ionsaí seo ná cogadh dearg idir an cine daonna agus na neacha eachtardhomhanda, agus an dara dream acu ag iarraidh an leac oighir timpeall ar dhá phol an Domhain a leá le súil is go rachaidh an t-uisce thar an gcine daonna ar fad.
 
=== ''The Chrysalids'' ===
 
Tá imeachtaí an úrscéil seo suite sa ré i ndiaidh olltubaiste dhomhanda éigin titim amach, is féidir gur cogadh núicléach a bhí i gceist. Na daoine atá fágtha ina mbeatha, creideann siad gurbh é Dia a ghearr pionós millteanach don chine dhaonna as a gcuid peacaí, nó tá saoldearcadh na n-iarmharán seo bunaithe ar chreideamh bhunúsach Chríostaí. Creideann siad go bhfuil sé géar-riachtanach cloí go dlúth leis an "normáltacht" agus daoine eisceachtúla a chur chun báis nó a dhíbirt. Na "criosáilídigh" nó ''chrysalids'' a luaitear i dteideal an leabhair is daoine eisceachtúla den chineál sin iad, nó tá siad in ann intinn na ndaoine eile a léamh. Caithfidh siad an bua seo a choinneáil ceilte ón bpobal, ar eagla an phionóis.
 
== Tagairtí ==